Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sé mar a céanna anseo uaireanta. An féidir le daoine a lámha a chur suas má cheapann siad ag obair sa bhaile, san áit ina bhfuil siad nó ar an oileán ina bhfuil siad ina chónaí i gceann 15 bliana. Éinne a cheapann go mbeidh siad ag obair ins an áit sin, cuir suas na láimhe. Tá triúr as Baile Átha Cliath ach gan éinne as na hoileáin. Tá sé sin suimiúil. Cuir suas na láimhe má cheapann na finnéithe go mbeidh siad ag obair as Gaeilge i gceann 15 bliana. Tá sé sin suimiúil freisin.

Caithfidh mé a rá leis na finnéithe go bhfuil siad ar fheabhas ar fad. Molaim dóibh leanúint ar aghaidh, agus tá mé an-sásta gur tháinig siad isteach anseo inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.