Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Ms Michéala Ní Eochaidh:

Is mise Mícheala Ní Eochaidh, scoláire as bliain a cúig i gColáiste Ghobnait, Inis Oírr. Is ó Dún Beag i gContae an Chláir mé agus duine de na scoláirí atá ag fáil scoláireacht chun bliain a chaitheamh i gColáiste Ghobnait ar oileán Gaeltachta i measc Gaeilgeoirí dúchasacha. Is iontach go deo an deis é seo domsa agus is cinnte go mbeidh tionchar aige ar mo shaol ar fad, ceangal a mharfaidh fad-saoil le Inis Oírr agus na dlúth-chairde atá déanta agam agus mé i mo chónaí le teaghlach oileánda. Gan trácht ar, is í an Ghaeilge mo ghnáth modh cumarsáide anois, teanga bheo agus teanga phobail Inis Oírr. Tá scéim na scoláireachtaí ar cheann do na forbairtí is tábhachtaí do na hoileáin. Tá go leor buntaistí ag baint le scéim na scoláireachtaí ó thaobh an óige, ó thaobh na Gaeilge agus ó thaobh eacnamaíocht ar na hoileáin.

Bíonn dhá insint ar gach uile scéal agus déanfadh mise cur síos ar na dúshláin a bhíonn roimh scoláirí ar na hoileáin agus iad ag bogadh ar aghaidh. Ag an mbunscoil bhí ceathrar i rang Muireann Ní Fhlatharta agus Dara Ó Maoileáin. Ag an meánscoil, bhí ceathrar i rang Muireann agus Dara ach tháinig triúr eile isteach sa rang don idirbhliain. Anois tá seachtar i rang Muireann agus Dara de bharr na scoláireachtaí. Daltaí cosúil liomsa a fuair an deis iontach seo. Bhí sé thar a bheith go maith do Mhuireann agus Dara freisin, mar bhí deis acu aithne a chur ar dhaoine nua a thug buanna éagsúla chun na ranga.

Tá compord agus sábháilteacht ag baint le bheith i rang chomh beag agus deis chaidrimh mhaith leis na múinteoirí. Faraoir, tá dúshláin amach rompu a chuireann ríméad orthu ar lámh amháin agus cuid mhaith scanradh orthu ar an lámh eile. Téann an chuid is mó d'iar-scoláirí Choláiste Ghobnait ar aghaidh chuig tríú leibhéal, ach sin áit ina bhfuil na mílte scoláirí eile. Tá go leor deacrachtaí ag baint leis seo. Ní bheidh siad gar dá mhuintir agus beidh siad scoite amach ón bpobal. Tá sé níos deacra ag oileánach dul abhaile ná scoláire as aon áit eile. Tá seans ann go mbeidh siad in áit nach bhfuil aithne acu ar aon duine eile agus nach mbeidh aon tacaíochtaí ar fáil. Bíonn costais níos airde ar scoláirí ó na hoileáin de bharr costais taistil agus lóistín. Ní féidir leo dul abhaile chomh minic le scoláirí eile de bharr na haimsire. Bíonn ar go leor scoláirí poist pháirtaimseartha a thógáil, rud a chiallaíonn go gcaithfear oibriú ar an deireadh seachtaine agus um thráthnóna.

Tá sé aitheanta go bhfuil ioncam teaghlaigh ar na hoileáin 25% níos ísle ná an meán. Dá bhrí sin, bíonn deacrachtaí airgid ag scoláirí as na hoileáin. Is é an deontas céanna atá ar fáil do scoláirí ó na hoileáin agus tá gá le tacaíochtaí breise. Bíonn uaigneas i gceist tar éis teacht ó phobal beag. Níl aon tacaíochtaí curtha ar fáil ag na coláistí a aithníonn na deacrachtaí seo. Ar na cúiseanna seo, tá baol láidir ann go dtitfidh na scoláirí seo amach as an gcoláiste, go nglacfaidh siad páirt i mí-úsáid drugaí nó alcóil agus go mbeidh fadhbanna meabhairshláinte acu. Ar leibhéal an-bhunúsach, tá sé deacair dóibh siúd atá ina gcónaí i mbaile mór, gan mórán aithne acu ar aon duine, teacht ar dhochtúir teaghlaigh. Is beag deis atá ag na daoine seo dul abhaile agus obair fhiúntach a fháil mar go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta teoranta ar na hoileáin. Tá sé ríthábhachtach don scoláire ón oileán ardoideachas a fháil don todhchaí mar go bhfuil an saol ag athrú. Beidh deiseanna nua ann do mhuintir na n-oileán ar na hoileáin agus i ngach áit eile amach anseo ach an oiliúint cheart a bheith orthu.

Ba mhaith linn iarraidh ar an Oireachtas na rialacha maidir leis na deontais tríú leibhéil a athrú. Ba cheart eisceachtaí agus buntáistí breise a chur isteach do scoláirí ó na hoileáin a thógann san áireamh na deacrachtaí atá acu maidir le costais maireachtála breise. Moltar go mbeidh breis scoláireachtaí ar fáil do mhic léinn ó na hoileáin chun an timpeallacht oideachais a dhéanamh níos cothroime. Freisin, ba cheart go mbeadh tacaíochtaí agus seirbhísí tacaíochtaí speisialta ar fáil do mhic léinn ó na hoileáin i gcoláistí na tíre. Tá seirbhísí tacaíochta ríthábhachtach sa chéad bhliain. Sa saol atá ann in 2018, ba cheart forbairt a dhéanamh ar dheiseanna oideachais tríú leibhéal atá pobalbhunaithe, seachas chuile rud a bheith lonnaithe sna cathracha móra, agus ba cheart freisin uas-bhuntáiste a bhaint as modhanna nuatheicneolaíochta. Glacaim buíochas leis an gcoiste as deis a thabhairt dom labhairt anseo inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.