Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Ms Aisling Ní Chearbhaill:

Is mór an chúis áthais dom an deis seo labhairt os bhur gcomhair faoi na dúshláin agus na baic atá romhainn mar lucht fágáil na scoile. Tá Caoimhe Ní Bhaoilláin chun labhairt faoi na deiseanna a bheidh romhainn.

I dtús báire, ba mhaith liom labhairt faoin mbrú a chuirtear ar dhaltaí meánscoile freastal ar an gcoláiste. Tagann an brú seo ó gach taobh, ón scoil atá ag iarraidh ar dhaltaí freastal ar triú leibhéal, ó na tuismitheoirí, ó na cairde agus ón tsochaí go ginearálta. Nach mór, glactar leis go rachfaidh duine ar aghaidh go dtí an triú leibhéal, fiú muna dteastaíonn sin ó dhuine nó muna n-oireann an choláiste do dhuine. Mothaíonn daltaí nach bhfuil an tarna rogha acu agus go bhfuil beagnach dualgas orthu dul.

Uaireanta, ní bhíonn a fhios ag daltaí céard ba mhaith leo a dhéanamh tar éis na scoile. Tá an dhá bhliain deireanach ar scoil caite ag ullmhú do na scrúduithe Stáit. Éiríonn duine as gach seisear as a gcúrsa sa chéad bhliain toisc cúiseanna ar leith ach cinnte is ceann de na cúiseanna sin ná nach bhfuil an rogha ceart déanta acu.

Níl mórán rogha ann do dhaltaí nach bhfuil chomh acadúil sin. B'fhéidir go n-oirfeadh printíseacht níos fearr dóibh ach níl mórán béime leagtha orthu sna scoileanna. Tá an fócas ar fad dírithe ar an gcoláiste. Caithfear níos mó rogha a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil suim acu sa triú leibhéil. Faraor, tá cuid mhaith poist nach féidir a fháil gan céim agus go minic iar-chéim sa lá atá inniu ann. Is dúshlán é sin do dhaoine ar chomhaois liom. Beidh an chuid is mó dúinn fós ag freastal ar an gcoláiste le blianta fada amach anseo, ionas go mbeadh seans againn post a fháil.

Freisin, más rud é go bhfuil suim ag dalta staidéar a dhéanamh ar cúrsa ar leith, ní mór dóibh na pointí a fháil. Tá roinnt cursaí ann le pointí an-ard. Is go hiomlán toisc an éileamh agus an méid spéis sa chúrsa sin é. Cruthaíonn an córas seo míchothromaíocht i measc daltaí ó chúlraí difriúla.

Freastalaíonn beagnach leath de dhaltaí na séú bliana ar ranganna breise ionas gur féidir leo an méid is mó pointí is gur féidir leo a bhaint amach. Bíonn ard-chostas ar na ranganna seo, go minic níos mó ná €20 nó €30 in aghaidh an rang. Cuireann seo daltaí ó chúlraí gan mórán airgid faoi mhíbhuntáiste. Tá níos mó oibre le déanamh acu. Is fadhb é seo do dhaltaí i nGaelscoileanna chomh maith. Bíonn na ranganna breise seo ar fáil as Béarla. Ní raibh mé in ann teacht ar aon ranganna as Gaeilge arlíne seachas an mhata. Cruthaíonn seo deacrachtaí do dhaltaí má tá cabhair sa bhreis de dhíth. Caithfear gach rud a aistriú. Fiú téacsleabhair scoile, bíonn cuid mhaith dóibh as Béarla.

Muna n-éiríonn le daltaí na pointí atá ag teastáil uathu a bhaint amach, go minic téann siad isteach i gcúrsa eile nach bhfuil suim acu ann. Tá bealaí eile an cúrsa atá ó dhuine a dhéanamh ach go minic bíonn na bealaí sin níos faide agus mar thoradh, níos costasaí. Ní féidirtheacht é seo do gach duine.

Toisc an ard-chostas atá ar lóistín, go háirithe i mBaile Átha Cliath, fanann daoine ina gcónaí sa bhaile más féidir leo. Ní féidir le gach duine seo a dhéanamh toisc taisteal fada. Caileann siad amach ag freastal ar an gcoláiste nó fiú ag bogadh amach as an teach. Seans maith go mbeidh mé fós i mo chónaí sa bhaile ar feadh na blianta.

Ach fiú má tá cónaí ar dhuine i mBaile Átha Cliath agus iad ag freastal ar an gcoláiste i mBaile Átha Cliath, tá deacrachtaí ann. Níl rogha ag duine ach brath ar an gcóras iompar phoiblí toisc an costas ard árachas charr. Tá sin go breá má tá bus a théann ann. Ní bhíonn i gcónaí. Mar shampla, ó mo scoil, nach bhfuil ach 20 nóiméad sa charr ó DCU, tógann sé uair an chloig agus dhá bhus dul ann ag baint usáide as an gcóras iompar phoiblí. Is féidir dul isteach sa chathair éasca go leor, ach má tá áit eile ó dhuine, go minic bíonn taistil fada ann ar an mbus.

Níl an méid céanna infreastruchtúr ar an taobh thuaidh den chathair agus a bhfuil ar an deisceart. Tá go leor cairde agam atá ina gcónaí i Sord, áit in atá daonra ard de dhaoine óga. Chun an bus a fháil chuig an gcathair, tá ard-chostas air agus tógann sé tamall fada. Níl an t-airgead sin ag déagóirí agus toisc sin ní féídir leo dul amach lena cháirde nuair is mian leo. Tá costas níos airde ar ná mar a bhfuil i dtíortha eile. Níl an costas ar an leibhéal céanna le lóistín gan dabht. Fós, is sin na cúpla céadta euro in aghaidh na bliana, ar bharr táillí ollscoile.

Faraor, fágfaidh roinnt mhaith de lucht fágála na scoile na tíre mar atá déanta tríd stair na hÉireann. Is toisc nach féidir leo pá maith go leor a thuilleadh anseo. D'fhéadfaí céim agus fiú iar-chéim a bheith bainte amach ag duine éigin agus fós ní féidir leo go leor airgid a thuilleadh chun maireachtáil anseo. Ar ndóigh tá fáthanna eile ann a théann daoine ar imirce. Rachaidh roinnt de mo chairde agus b'fhéidir mé féin ar imirce. Cén fath nach rachadh?

Is féidir le haltraí i bhfad níos mó airgid a thuilleadh sa Bhreatain nó sna Stát Aontaithe ná anseo le coinníolacha oibre níos fearr, agus is mar an gcéanna é do mhúinteoirí. Tá na stailceanna agus na agóidí feicthe againn mar dhaltaí. Ní bheidh muid ag iarraidh a bheith mar mhúinteoir munar féidir pá cothrom a fháil as.

Tá deacrachtaí ann poist múinteora a líonadh, go háirithe muinteoirí le Gaeilge. Deirtear linn i gconaí an rud tá uainn a dhéanamh tar éis na scoile. Níl seo i gcónaí féidirtheach. Seans nach n-éireoidh le duine dul isteach sa chúrsa atá uathu, b'fhéidir nach bhfuil printíseacht ar fáil, b'fhéidir nach féidir le duine íoc as na costais atá bainteach leis an rud sin, agus b'fhéidir nach mbeidh post ar fáil do dhuine amach anseo, nó nach mbeidh duine in ann pá maith go leor a thuilleadh. Sa chás sin, téann daoine leis an-scil agus tallann ar imirce.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.