Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Ms Ana Nic Liam:

A Chathaoirligh, a Theachtaí Dála, A Sheanadóirí agus a dhaoine uaisle, Ana Nic Liam is ainm dom agus inniu beidh mé féin agus mo chomhscoláirí ag plé an ráitis seo: na deiseanna a bheidh ann do lucht fágála scoile agus na dúshláin agus na baic a bheidh rompu in 2019. Is dalta mé sa chúigiú bliain i nGaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde , Baile Átha Cliath. Agus muidne ag druidim i dtreo ár n-ardteistiméireacht a dhéanamh, tuigimid go gcaithfimid cinneadh tábhachtach a dhéanamh faoi céard a bheimid ag iarraidh a dhéanamh nuair a fhágfaimid an mheánscoil. Níl an cinneadh sin éasca. Tá gnéithe áirithe a bhfuil orainn smaoineamh orthu sula ndéanfaimid é. Do na daltaí a dhéanann cinneadh freastal ar an ollscoil, is bac é an costas a bhaineann leis sin do roinnt daltaí. Cé go mbíonn deontais agus faoiseamh cánach ar fáil, bíonn costais mhaireachtála mac léinn agus costais lóistín ró-ard. Mar gheall air sin níl deis acu freastal ar an ollscoil a theastaíonn uathu. Cé go bhfuil an t-ádh ar na mic léinn a bhfuil cónaí orthu i mBaile Átha Cliath toisc gur féidir leo fanacht sa bhaile, níl an dara rogha ag mic léinn a chónaíonn i bhfad ó na hollscoileanna ach fanacht i lóistín mac léinn. Tá costas idir €348 agus €1,089 gach mí ar lóistín DIT. Ar an meán íocann mic léinn €10,000 gach bliain le haghaidh lóistín. Tá sé sin iomarcach agus beidh sé sin ina chúis nach bhfuil roinnt daoine in ann dul chuig an gcoláiste.

Ní hamháin go gcuireann sé stop ar mhic léinn dul chuig an gcoláiste ach cuireann sé brú ar mhic léinn taisteal ar fud na tíre chun dul chuig an gcoláiste chomh maith. Cuireann sé seo fíorbhrú ar na mic léinn sa chás seo. Eascraíonn teip i scrúduithe agus is minic a chríochnaíonn mic léinn a gcúrsaí go luath. Ní bhíonn mic léinn in ann taitneamh a bhaint as a gcuid ama san ollscoil agus is dúshlán é sin a bheidh romhainn agus muid ag fágáil na scoile.

Tá Éire faoi láthair sa deichiú háit le haghaidh na táillí ollscoile is airde timpeall na hEorpa , de réirjournal.ie. Léiríonn na figiúirí sin go bhfuil bealach isteach níos éasca fós ag duine saibhir, fiú le teacht isteach na dtáillí saor in aisce deich mbliana ó shin. Tá an-chuid de na teaghlaigh atá faoi mhíbhuntáiste ag taisteal ar institiúidí teicneolaíochta áitiúla mar gheall ar chostas ró-ard chun freastal ar choláistí sna cathracha sa tír seo. Sílim go bhfuil scéim iasachta mac léinn á beartú ag an Rialtas, ach ceapann sé gur cóir ár n-oideachas a bheith saor in aisce. Ní cóir go mbeadh fiachas €20,000 ag mic léinn agus iad ag fágáil na hollscoile.

Dúshlán eile a bheidh romhainn mar dhaltaí scoile ag críochnú scoil in 2019 ná leas a bhaint as na scileanna a bhfuil staidéar déanta againn orthu sa mheánscoil chun riachtanais agus scileanna atá ag teastáil ó na comhlachtaí móra IT agus ó na comhlachtaí cógaisíochta atá ag lonnú anseo. Tá níos mó post ar fáil dúinn sna gairmeacha sin, ach is í an cheist ná an bhfuil an dara leibhéal leathan go leor nó an bhfuil sé tar éis bac a chur orainn post a fháil sna tionscadail mhóra sin? Ní shroicheann na hábhair roghnacha na critéir atá ag teastáil ó na comhlachtaí móra seo. Ba chóir go mbeadh níos mó béime leagtha ar an teicneolaíocht i scoileanna mar gheall go bhfuil na comhlachtaí móra IT ag lonnú anseo agus beidh scileanna áirithe ag teastáil ó na daltaí seo sa todhchaí. Tá sé ag cur bac ar na hiardhaltaí gairmeacha a fháil sna comhlachtaí seo anois toisc nach bhfuil na scileanna cuí acu, ach is féidir é sin a athrú.

Ní stopann an fhadhb sin ag oideachas dara leibhéal. Nuair a théann daltaí ar aghaidh chuig an ollscoil, níl scileanna cuí á bhfoghlaim acu le haghaidh fostaíocht sa ghnó agus i gcógaisíocht go háirithe. Bíonn béim leagtha ar ghráid an mhata sna scrúduithe in ionad na mic léinn a ullmhú leis na scileanna agus na riachtanais atá á lorg ag na comhlachtaí seo. Is dúshlán ollmhór é seo dúinn toisc go gcuirimid tréan-iarracht isteach agus muid ar scoil, ach nuair a éiríonn linn céim a fháil, d'fhéadfaí nach mbeidh scileanna cearta againn chun fostaíocht a fháil. Ba chóir go mbeadh béim curtha ar chláir phrintíseachta agus muid sa choláiste, ionas go mbeidh deiseanna níos fearr ar fáil dúinn agus fostaíocht níos fearr leis na comhlachtaí a thagann anseo. É sin ráite, sílim gur cóir na scileanna seo a bheith mar chuid den oideachas leathan atá ar fáil sa tír seo.

Cé go bhfuil sé i bhfad uainn, agus muid ag an aois seo, ní féidir gan smaoineamh ar an deacrachtaí a bheidh romhainn agus muid ag iarraidh teach a cheannach nó teach a fháil ar cíos, fiú. De réir na Príomh-Oifige Staidrimh tá innéacs praghais réadmhaoine cónaithe náisiúnta tar éis ardú 7.7%, agus le ganntanas tithe agus éileamh ard, ní fheicimse an figiúr sin ag ísliú go luath. Is dúshlán é sin dúinn toisc go gcaithfimid an fhadhb a chur san áireamh agus muid ag déanamh cinneadh ar an ngairm atá ag teastáil uainn. Fiú le post a bheith faighte, tá praghsanna ar thithe ró-ard do roinnt daoine. Anois, tá seans ann, toisc na faidhbe seo, go ndéanfaidh daoine an rogha maidir leis an ngairm atá uathu ar an ráta pá in ionad céard atá siad ag iarraidh a dhéanamh.

Sna laethanta seo bíonn daoine fós ina gcónaí sa bhaile, go dtí go sroicheann siad 30 bliain d'aois. Is rud nua é seo nach raibh ann roimhe. Ach anois níl rogha eile ag daoine. Is buairt é sin dúinn toisc nach bhfuil teorainn ar an ardú praghais seo. Níl a fhios againn cad a tharlóidh sa todhchaí maidir leis seo. An mbeimid in ann ár dteach féin a cheannach sa tír seo? Fiú mura bhfuilimid ag iarraidh teach a cheannach, tá rátaí cíosa tar éis ardú chomh maith. De réir na Príomh-Oifige Staidrimh bhí ardú 11.2% ar an ráta cíosa an bhliain seo caite agus go náisiúnta. Is é an meán chíos i mBaile Átha Cliath €1,198 gach mí faoi láthair, agus é sin fós ag ardú. Is dúshlán é sin dúinn, agus toisc an éilimh aird agus an ghanntanais tithe ní bheidh aon rogha eile againn ach fanacht sa bhaile mar gheall ar na praghsanna neamhrealaíocha atá ar thithe anois. Chuirfeadh sé sin díomá ort agus tú tar éis tréaniarracht a chur isteach i d'oideachas agus freisin i do phost, ach níl tú in ann do theach féin a cheannach, nó a fháil ar cíos. Faraor, má leanann na rátaí ag ardú, beidh an fhadhb seo fós ann nuair a thagann sé go dtí an t-am i mo shaol agus i saol mo chomhscoláirí chun teach a fhail. Go raibh maith agaibh as ucht cluas éisteachta a thabhairt dom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.