Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Ós rud é go bhfuil níos mó ná ceathrar comhaltaí i láthair, idir Theachtaí Dála agus Seanadóirí, is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Ní mór dom a rá go bhfuil leithscéal faighte ón Seanadóir O'Reilly. Tá fáilte roimh gach éinne atá i láthair. Bhí toscaireacht ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne le bheith anseo freisin, ach tá pobal na scoile sin faoi bhrón mar gheall ar bhás tragóideach dalta óg. Déanann Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán comhbhrón ó chroí lena mhuintir agus le pobal na scoile.

Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh na finnéithe. Tá mouthful le léamh amach agam i dtús báire. Tá mé ag lorg an Ghaeilge ar "mouthful" arís inniu. Má tá an focal sin ag éinne atá i láthair, bheinn an-bhuíoch dá gcuirfidís in iúl dom é roimh dheireadh an chruinnithe seo. Ní thógfaidh sé ach cúpla soicind. Baineann sé leis an Acht um Chlúmhilleadh. Beidh mé ag tnúth leis an bhfocal ar "mouthful" tar éis an mhéid atá le rá agam anois. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, siad faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo. Fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó le hoifigeach, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint. Anois, cad í an Ghaeilge ar "mouthful"?

Cuirfimid tús leis an gcruinniú agus ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh na scoileanna atá anseo, agus tá ceithre scoil i gceist agus rachaidh mé tríothu. Ó Coláiste Ghobnait ó Inis Oírr tá na daltaí, Muireann Ní Fhlatharta, Michéala Ní Eochaidh agus Dara Ó Maoileáin, agus na múinteoirí, Mary Ann Ní Chonghaile agus Éilis Uí Chatháin. Ó Choláiste Naomh Éinne ar Oileánn Árainn tá na daltaí, Caobhán Ó Maoláin, Ciarán Ó Flaithearta, Aoife Nic Giolla Dé agus Patrick Nevin, agus an múinteoir, Fionnuala Ní Iaráin-Uí Fhlaithearta. Ó Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, tá na daltaí, Michael Ó Coinceanainn, Córa Ní Chonghaile agus Cáit Ní Fhátharta, agus na múinteoirí, Mairéad Ní Fhátharta agus Máirtín Ó Goill, agus ó Ghaelcholaiste Reachrann, Baile Átha Cliath, tá na daltaí, Ana Níc Liam, Aisling Ní Chearbhaill agus Caoimhe Ní Bhaoilláinn, agus na múinteoirí, Brian Ó Cróinín agus Emer Ní Mhaitiú. Céad míle fáilte romhaibh. Táimid anseo chun éisteacht libh. Is é sin an ról atá againn inniu agus is pribhléid dúinne go bhfuil sibhse os ár gcomhair i mí na Gaeilge agus i mBliain na Gaeilge. Is dócha go bhfuil ráitis tosaigh agaibh go léir? Tosóimid le Scoil Reachrann ó Bhaile Átha Cliath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.