Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
5:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Dr. Ó Luain as ucht a chuid oibre. Tá a fhios agam nach bhfuil sé éasca. Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre curtha isteach ag Misneach agus ag Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge. Tá mé buíoch gur dhírigh siad isteach ar an dréacht-reachtaíocht. Uaireanta ní dhíríonn daoine a thagann os ár gcomhair ar na hábhair a bhíonn idir lámha ag an choiste. Tuigim go bhfuil sé éasca easpa misnigh a bheith againn. Tá a fhios againn go bhfuil an Ghaeilge i sáinn. Tá sé molta Acht nua a chur le chéile. Táimid ag úsáid an fuinneamh atá againn gan mhoill eile a chur ar an gcóras ionas go mbeidh dréacht-Bhille ar ais ar bhord an Rialtais agus foilsithe i mbliana. Tá a fhios againn go mbeidh gá ann fós beart a dhéanamh tar éis an Achta.
No comments