Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
5:00 pm
Dr. Kerron Ó Luain:
Ba mhaith liom cúpla pointe sciobtha a dhéanamh. Tá a fhios againn go bhfuil go leor moltaí uaillmhianacha istigh sa chur i láthair atá déanta againn. Ba mhaith liom cúpla moladh, a bhaineann le feachtais reatha lena bhfuilimid ag plé, a phiocadh amach.
Molann Uimh. 6 - níl a fhios agam an bhfuil na huimhreacha cearta agam mar sheol mé liosta leasaithe isteach - go ndeimhneofar go bhfuil sé de cheart ag aon duine a rogha de na teangacha oifigiúla a labhairt sa láthair oibre, más le duine toilteanach a táthar ag caint. Bhí agóid againn bliain nó dhó ó shin maidir le cás Chormaic Uí Bhruic a briseadh as a phost i gcathair Chorcaí. Bhí cás eile le AA Ireland le déanaí nuair nár cheadaíodh d'fhostaí labhairt i nGaeilge le Dáithí Mac Cárthaigh nuair a ghlaoigh sé isteach. Ba mhaith linn go ndíreofar ar an bpointe seo ionas go mbeidh sé de cheart ag éinne atá fostaithe le comhlacht an Ghaeilge a labhairt le duine eile sa chomhlacht sin, fad is nach mbíonn sé ag teacht salach ar an gcineál cumarsáide idir dhaoine eile. Níl sé i gceist go mbeadh sé ag cur isteach ar éinne. Má tá daoine toilteanach an Ghaeilge a labhairt, cén fáth nach mbeadh cead acu é sin a dhéanamh?
Tá sé molta againn in Uimh. 9 gur chóir é a dheimhniú go bhfuil sé de cheart ag daoine déileáil leis na cúirteanna go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Dé réir na Bunreachta, is teanga oifigiúil í an Ghaeilge. Tá tuiscint ann dá bharr sin gur chead í a úsáid sna cúirteanna. Tá cás Dhiarmaid Uí Chadhla ag dul tríd na cúirteanna faoi láthair. Sa Chúirt Dúiche i gCorcaigh, cuireadh bac air agus diúltaíodh dó a chás a reáchtáil trí Ghaeilge. Tá sé imithe chuig na hArd-Chúirte anois. Creideann muidne go bhfuil gá ann béim a leagadh ar an gceist seo chomh maith.
Tá mé tar éis cur síos a dhéanamh ar Uimh. 10, a mholann gur cheart aitheantas oifigiúil a thabhairt do lucht labhartha na Gaeilge. Tá sé molta againn in Uimh. 24 go mbeidh rogha Gaeilge ar gach uathmheaisín leictreonach. Bhíomar ag feachtasaíocht ar son an moladh sin an bhliain seo caite. Tá sé náireach nach bhfuil aon dualgas reachtúil ar Bhanc na hÉireann rogha dhátheangach a chur ar fáil. Nuair a bhí mé ar an Mór-Roinn le déanaí, chonaic mé go raibh deich rogha teanga ar na scáileáin. Níl ciall ar bith leis an gcur chuige atá á nglacadh anseo. Níl i gceist ach leisce. Dar ndóigh, tá dualgas morálta ar Bhanc na hÉireann freastal lena chuid custaiméirí. Rinne muidne tarrtháil ar na bainc, ach anois tá siad tar éis an rogha Gaeilge a bhaint dúinn. Níl aon dualgas orthu ina thaobh. Ba mhaith linn béim a leagadh ar sin.
Ba mhaith liom béim a chur ar na foirmeacha leictreonacha á úsáideann comhlachtaí ar nós aerlínte agus comhlachtaí gutháin. Tá a fhios agam go bhfuil an reachtaíocht teoranta agus nach dtéann a scáth níos faide ná na comhlachtaí Stáit. B'fhéidir gur chóir go mbeadh sé de cheart ag daoine ainmneacha Gaeilge a úsáid i bhfoirmeacha leictreonacha nuair atá siad ag clárú le comhlachtaí iompair agus comhlachtaí cumarsáide. Arís, tá leisce orthu rudaí den chineál seo a dhéanamh. Conas nach bhfuil siad in ann a gcuid córais theicneolaíocha a shocrú ionas go mbeidís in ann fada a ghlacadh in ainm duine? Más féidir rud éigin a dhéanamh faoi sin sa reachtaíocht, beidh sé go maith. Tá mé ag iarraidh béim a leagadh ar na cúrsaí atá ardaithe agam agus lena mbíonn Misneach ag plé.
No comments