Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
5:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Caithfidh mé a rá chun a bheith soiléir go n-aontaím go huile is go hiomlán leis an bhfinné go mba cheart go mbeadh an Rialtas nó an Stát sásta an tseirbhís a chur ar fáil do h-aon duine, sa Ghaeltacht ar a laghad, atá ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh as Gaeilge. Ba cheart ach níl sé ar fáil. Is sé sin an cuspóir atá agamsa gan dabht é sin a dhéanamh. Aontaím leis an bhfinné freisin go bhfuil go leor daoine sa Státseirbhís le Gaeilge agus go bhfuil faitíos orthu dul isteach i ról a bhaineann leis an nGaeilge mar go gceapann siad go mbeidh siad mar shaghas i ngaiste éigin agus go mbeidh siad fágtha isteach sa ról sin gan a bheith solúbtha agus iad ag dul tríd an gcóras i gceart ina shaol nó ina saol. Chaithfí go mbeadh an meon sin athraithe go huile is go hiomlán sa Státseirbhís. Tá sé sin suimiúil. B'shin mo cheist ag an mbomaite seo.
No comments