Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
5:00 pm
Mr. Roibeard Ó hEartáin:
Níl an figiúr sin againn ach is 30% de na hoifigigh nua ar an líne tosaigh atá á mholadh againne, go dtí go mbeimid ag an leibhéal de 20% laistigh den eagraíocht cuí sin. An cúis go bhfuilimid ag moladh é sin ná, mar is eol dúinn, táimid deich mbliain isteach anois sa tréimhse a thug an staidéir cuimsitheach ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá deich mbliana de sin caite. Chífimid ar fad an cúlú atá ag tarlú sna Gaeltachtaí ó thuaidh, ó dheas agus san iarthar ar bhonn leanúnach. Creidimid go bhfuil sé tábhachtach luas a chur leis an bpróiséas, agus má thosnaímid ag 20%, tógfaidh sé i bhfad Éireann níos faide teacht suas go dtí an bpointe go bhfuilimid ag sóláthar seirbhísí ag an gcúntar poiblí. Tá an fócas againne ar an gcúntar poiblí, grád a trí a ceathar agus a cúig agus tá sé á chur againn ar na hoifigigh atá ins na Gaeltachtaí féin. Sin an áit a bhfuil an fócas againne.
Chun an ceist a fhreagairt maidir le daoine a bheadh amhrasach faoi a bheith teanntaithe i bpost, is fadhb an-mhór é seo laistigh de na heagraíochtaí. Tá sé ag teacht aníos ag cruinnithe a bhíonn againne bliain i ndiaidh bliana. Tá daoine a bhfuil Gaeilge acu, b'fhéidir, a bhfuil lán sásta oibriú ag an gcúntar poiblí ach a bhfuil eagla orthu go bhfágfaí ann ag an gcúntar poiblí iad i jab a bhfuil ró-dhúshlánach, b'fhéidir, nó ró dheacair dóibh.
É sin nó b'fhéidir nach bhfuil sé dúshlánach a dhóthain. An rud ann ná nach beidh siad in ann bogadh ar dheis nó ar chlé, suas nó síos, de bharr go bhfuil Gaeilge acu agus go bhfuil a laghad sin daoine le Gaeilge sa chóras. Caithfidh an córas aghaidh a thabhairt ar an gceist seo. Má fhéachtar ar an obair a rinne an Garda Síochána roinnt blianta ó shin, bhí próiseas earcaíochta acu siúd agus bhíodar ag cuardach - más buan mo chuimhne ach níl na fíricí anseo agam - 11% agus fuaireadar 30% de na daoine a bhí uathu. Leathnaíodar é sin amach thar thréimhse trí bliana. Tá an t-eolas sin ann. Bheadh sé ag an oifigeach Gaeilge atá ag plé leis an Gharda. Chuir sé iontas orm féin gur tháinig an méid sin daoine chun cinn, agus arís, mar a dúirt Bean Mc Morrow ansin, féach ar an bhfás atá tagtha ar Ghaelscolaíocht agus líon na ndaoine atá ag teacht tríd an gcóras sin, agus féach ar an bhfás atá ag teacht ar Fhéile an Oireachtais - 10,000 duine ag teacht ann go bliantúil. Tá na daoine ann agus níl ach slí amháin chun é sin a dheimhniú, agus b'shin an próiseas earcaíochta sin a thosú le daoine a earcú le Gaeilge.
No comments