Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 February 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Na hEalaíona agus an Ghaeilge: Plé

1:30 pm

Ms Siubhán Nic Grianna:

Gabhaim buíochas leis an bpríomhfheidhmeannach. Ba mhaith liom blaiseadh beag a thabhairt don choiste ar chlár oibre Ealaín na Gaeltachta. Tá triúr áisitheoirí ealaíon fostaithe againn. Tá duine acu lonnaithe i dTír Chonaill, duine eile acu i nGaillimh agus an duine eile sa Daingean. Tugann siad cúram do na réigiúin Gaeltachta uilig go léir. Le na spriocanna a bhaint amach, cuireann Ealaín na Gaeltachta cláir thacaíochta agus scéimeanna ar fáil. Bhí buiséad díreach os cionn €680,000 ag Ealaín na Gaeltachta anuraidh. Mar a rinneadh tagairt dó níos luaithe, faightear comhmhaoiniú ón gComhairle Ealaíon. Tagann 50% ón gcomhairle agus 50% ó Údarás na Gaeltachta. Tá ceithre phríomhchláir á fheidhmiú ag an chuideachta. Tá scéim na bpríomhréimsí forbartha ann. Is scéim thar a bheith tábhachtach é a chuireann tacaíocht ar fáil do thograí straitéiseach atá dírithe ar ghnéithe a chuireann le hinfreastruchtúr na n-ealaíon ar bhunús fadtéarmach. Déantar maoiniú ar thograí ar nós Fíbín Teoranta, faoina mbeidh Darach Ó Tuairisc ag caint ar ball, Áras Éanna ar Inis Oírr, an t-ionad cultúrtha i mBaile Bhuirne, An Gailearaí i nGaoth Dobhair, Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead, agus Aisling Gheal i mBaile Bhuirne.

Tá scéim na bhféilte ann freisin faoina dtugtar tacaíocht do choistí agus eagrais ar mian leo féilte ealaíon a fhorbairt. Tá scéim sparánachta d’ealaíontóirí ann, scéim a thacaíonn le healaíontóirí aonair iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú a chuirfeadh ar a gcumas forbairt a dhéanamh ar a gceird. Cuireadh tacaíocht ar fáil do 22 ealaíontóir in 2017 as buiséad measartha beag de €51,000 faoin scéim sin. Tá scéim síol ann freisin atá dírithe ar thacaíocht a sholáthar d’ealaíontóirí aonair nó grúpaí ar suim leo miontionscadal nó togra tosaíochta ealaíon a fhorbairt. Tá an scéim síol sin thar a bheith tábhachtach le tacaíocht a chur ar fáil.

Anuas ar na gnáthscéimeanna tacaíochta a sholáthraíonn Ealaín na Gaeltachta, déantar tograí straitéiseacha ealaíona faoi leith a fhorbairt agus a fheidhmiú i gcomhpháirtíocht le heagrais agus le gníomhaireachtaí réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta ag brath ar scéimeanna maoinithe atá ar fáil. Tá siad sin thar a bheith tábhachtach. Díríonn Ealaín na Gaeltachta ar mhaoiniú a mhealladh ó eagraíochtaí ar nós Éire Ildánach. Bímid ag plé le heagrais ealaíne eile i dtíortha na hEorpa ina bhfuil mionteangacha. Táimid ag obair leis an gComhairle Ealaíon agus le Comhairle Contae na Gaillimhe ar thogra drámaíochta Cúinne an Ghiorria. Is togra compháirtíochta é sin. Táimid ag obair le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe freisin. Bímid ag obair le hAmharclann na Mainistreach agus d'éirigh linn í a mhealladh chun cúrsaí drámaíochta a chur chun cinn i scoileanna ar fud na Gaeltachta.

Níl ansin ach blaiseadh beag amháin. Tá Ealaín na Gaeltachta ar an fhód anois le 20 bliain agus tá tionchar a hobair le feiceáil ar réimse iomlán na n-ealaíon sa Ghaeltacht. Tá sé thar a bheith tábhachtach a lua, mar a luaigh mé níos luaithe, na tograí agus na hionaid ealaíne atá lonnaithe ar fud na Gaeltachta. Tá siad thar a bheith tábhachtach le healaíontóirí nua a chothú agus a chumasú. Luaigh mé roinnt mhaith acu sin níos luaithe. Tá seacht bpríomhthogra straitéiseach againn. Bíonn dúshláin faoi leith ag na heagraíochtaí sin ó bhliain go bliain teacht ar bhuiséad reatha le gur féidir leo feidhmiú. Cé gur tháinig ísliú ar bhuiséad Ealaín na Gaeltachta le linn na géarchéime eacnamaíochta, d'éirigh léi an bonneagar láidir seo ó 1997 ar aghaidh leis na tograí straitéiseacha seo.

Tá an tionchar sin le feiceáil ar an talamh. Bunaíodh 11 de na 17 n-eagras proifisiúnta atá ag plé leis na healaíona go lánaimseartha sa Ghaeltacht le linn thréimhse reatha Ealaín na Gaeltachta Teoranta. Tháinig méadú suntasach ar líon na n-ealaíontóirí agus na n-eagras ealaíon atá in ann cláir agus imeachtaí ealaíon a chur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge trí thacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta agus ó Údarás na Gaeltachta. Tá forbairt déanta ar an bhonneagar agus ar na háiseanna ealaíon atá ar fud na Gaeltachta, agus tá ceangal agus comhpháirtíocht cothaithe idir eagrais ealaíon Ghaeltachta agus eagrais náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is léiriú eile é go bhfuil os cionn 200 duine fostaithe i réimse na n-ealaíon sa Ghaeltacht le tacaíocht ón údarás. Ní thugtar san áireamh san fhigiúr sin ealaíontóirí atá ag feidhmiú ar an talamh nach bhfuair aon tacaíocht ón údarás.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do na healaíona agus don tábhacht atá leo ó thaobh na Gaeilge de. Is dlúthchuid den teanga iad na healaíona agus is mór an tionchar atá acu ar chothabháil na Gaeilge. Aithníonn polasaí an Rialtais, An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030, na healaíona Gaeilge mar ghné lárnach a chuirfidh le seachadadh agus sealbhú teanga chuig an chéad ghlúin eile. Tá ról thar a bheith tábhachtach ag na healaíona aithrise agus dúchasacha ach go háirithe i seachadadh teanga. Díríonn na healaíona sin ar an amhránaíocht, an drámaíocht, an scéalaíocht, an litríocht, agallamh beirte agus mar sin de. Tá tionchar ag cleachtas na n-ealaíon sin ar chumas, ar chleachtas agus ar úsáid teanga. Tá sé tábhachtach pobail a mhealladh chuig na healaíona aithrise ionas go dtabharfaí deis dóibh máistreacht a fháil ar an teanga. Anuas air seo tá deis ann trí ealaíontóirí eile, ar nós fís-ealaíontóirí agus rinceoirí, atá ag gníomhú trí mheán na Gaeilge tacú le seachadadh teanga. Tá samplaí ar fud na Gaeltachta de thréimhsí cónaitheacha le rinceoirí traidisiúnta agus comhaimseartha, ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, ag tabhairt deis do dhaoine óga an Ghaeilge a chleachtadh i suíomh lasmuigh den tseomra ranga fhoirmeálta.

Cuireann na healaíona cultúr beo na Gaeltachta in iúl, rud a chuireann le forbairt na teanga. Is droichead go saol na Gaeilge iad na healaoína agus is doras isteach don teanga don ghnáthduine iad. Is fianaise den mhéid atá ráite iad gur tearmainn teanga atá chruthaithe sna hionad teanga ar fud na Gaeltachta, agus chomh maith leis sin tá compántas drámaíocht ar nós Fíbín agus AnnÓgag athrú dearcadh na ndaoine óga i leith na Gaeilge. Bíonn ar phobal na Gaeilge cosaint a dhéanamh ar an teanga i gcónaí, ach is féidir leis na healaíona an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach samhlaíoch agus neamhbhagartha. Go minic bíonn na healaíone i dtiúin leis an tsaol chomhaimseartha agus cothaíonn siad íomhá nuálach agus nua-aimseartha.

Tá plean straitéiseach do fhorbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht 2018-2020 á dhréachtú faoi láthair. Díríonn an straitéis ar an mbonneagar atá ann faoi láthair a láidriú lena chinntiú go mbeidh an bonneagar seo mar chnámh droma do fhorbairt straitéiseach na hearnála go fadtéarma, agus táthar ag súil go leanfar leis an mhúnla comhpháirtíochta a bheith ag feidhmiú ó bunaíodh an comhlacht.

Is féidir tacú leis na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta trí fhéidirtheachtaí ar nós breis tograí comhpháirtíochta agus deiseanna comhoibrithe a chruthú do na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta agus iad a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá gá le ardán lárnach bolscaireachta agus poiblíochta a chruthú le próifíl na n-ealaíona Gaeilge agus Gaeltachta a ardú. Ba chóir a chinntiú go bhfuil soláthar maoinithe reatha ar fáil do thograí straitéiseacha ealaíon ar fud na Gaeltachta chun gur féidir leo feidhmiú ar bhunúsinmharthanach sa todhchaí agus gur féidir leo tacú le forbairt cumais agus oiliúna sna healaíona le díriú ar an óige go háirithe.

Má sholáthraítear breis tacaíocht do na réimsí a dhíronn ar na healaíona béil agus liteartha ar nós na hamhránaíochta, an drámaíocht, an scéalaíocht agus an litríocht, cuirfidh sé go mór le húsáid na Gaeilge agus le chleachtais teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.