Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 February 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Na hEalaíona agus an Ghaeilge: Plé

1:30 pm

Mr. Micheál Ó hÉanaigh:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Is é ról Údarás na Gaeltachta ná forbairt eacnamúil, shóisialta agus chultúrtha na gceantar Gaeltachta a chur chun cinn ionas go mbeidh an Ghaeilge caomhnaithe agus láidrithe mar theanga bheo sna Gaeltachtaí. Tá tábhacht ar leith ag baint le na healaíona i chuile gné de sin - sna gnéithe eacnamúla, san fhorbairt phobail agus san fhorbairt chultúrtha. Tá tábhacht ar leith ag baint leis ó thaobh cothú teanga agus cultúir de. Tá dúchas, oidhreacht agus cultúr ar leith ag an nGaeltacht a chuirimid os comhair an domhain trí mheán na healaíne. Mar sin, tá na healaíona fíorthábhachtach dúinn agus muid ag breathnú chun cinn ar ár straitéis nua don tréimhse ó 2018 go 2020. Beidh sé lárnach sa straitéis sin agus beimid ag lorg na hacmhainní le go mbeimid in ann na healaíona a chur chun cinn ag an gcaighdéan ceart agus gur mhaith linn.

Ceann de na príomhghníomhaíochtaí atá againn, ag obair i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon agus muid ag iarraidh na healaíona a chur chun cinn sna cheantair Gaeltachta, ná Ealaín na Gaeltachta Teoranta. Is comhpháirtíocht é seo a bhunaigh muid idir muid féin agus an Chomhairle Ealaíon. Is í an aidhm atá leis ná na healaíona dúchasacha agus comhaimseartha sa Ghaeltacht a fhorbairt agus a chur chun cinn chun líon na ndeiseanna forbartha agus fostaíochta a mhéadú. Is fóchuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta í Ealaín na Gaeltachta. Tá mo chomhghleacaí anseo, Siubhán Nic Grianna, ár mbainisteoir pleanála teanga, mar chathaoirleach air. Is é Micheál Ó Fearraigh, atá anseo liom, mar bhainisteoir air.

Bunaíodh Ealaín na Gaeltachta chun tacaíocht a chur ar fáil do na healaíona sa Ghaeltacht trí chomhpháirtíochtaí a chur chun cinn agus a bhunú le tacú le healaíontóirí le cur lena gcumas cruthaitheach agus deis a thabhairt dóibh fostaíocht agus slí bheatha a chruthú dóibh féin agus do dhaoine eile; le tacú leo spás oibre, spás taispeántais agus áiseanna a aimsiú dá gcuid oibre; le tacú le forbairt chumas agus oiliúint na healaíon trí na ceantair Gaeltachta; agus le forbairt a dhéanamh ar phróifíl agus ar chultúr na healaíon sa Ghaeltacht agus go náisiúnta. Iarraim ar Siubhán Nic Grianna é a thógáil uaidh sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.