Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 February 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht

5:00 pm

Mr. Lochlainn Ó Tuairisg:

Tá sé i mbeagán focal ar an leathanach seo. Is é croí an scéil go bhfuil tacaíocht Stáit de dhíth chun cuidiú leis an ITT nó an Crann Taca - an t-ainm atá ar an áit - leas an pháiste agus leas na teanga a dhéanamh. Mar réiteach ar an bhfadhb seo, ba mhaith linn go mbronnfaí stádas speisialta ar chóras réamhscolaíochta na Gaeltachta mar atá ag na bunscoileanna agus meánscoileanna faoin bpolasaí oideachais na Gaeltachta ó 2017 go 2022. Tá trí bhealach inar féidir é seo a dhéanamh. Is é an chéad cheann lán-tacaíocht a fháil ó na heagraíochtaí cuí Stáit chun freastal ar riachtanais éagsúla teanga i bpáistí. Déanaimid amach go sonrach gur gá grúpáil a dhéanamh de réir riachtanais teanga sa gcás seo chun gur féidir leis na foghlaimeoirí Gaeilge foghlaim ag an luas cuí agus deis a thabhairt do chainteoirí dúchais Gaeilge a gcuid Gaeilge a threisiú agus cairdeas a chruthú trí Ghaeilge.

Baineann an dara bhealach le cúrsaí airgid. Caithfear pá agus cúrsaí oiliúna cuí a chur ar fáil do na hoibrithe sna seirbhísí réamhscoile chun tacú leo san obair chrua tábhachtach seo. Tá mion-chur síos déanta air sin sa ráiteas atá os comhair na gcomhaltaí ansin. Is é an tríú cheann ná maoiniú cuí a chur ar fáil chun na fiacha a bhí ann ó tógadh an ITT a ghlanadh. Mar a luaigh sa ráiteas sin, táimid ag crágáil linn ó tosaíodh an áit in 2009 agus gan é ar ár gcumas poitéinseal an ionad a bhaint amach i ndáiríre. Is é ár ndóchas gurb é an toradh a bheidh air seo ná go mbeidh seirbhís ar fáil a ndéanfar freastal cuí ar chuile pháiste agus go leagfaí dúshraith láidir sealbhaithe teanga do chainteoirí óga dúchais na Gaeltachta.

Tá an tréimhse idir sé mhí agus cúig bhliana in aois criticiúil do shealbhú agus do shóisialú teanga. Braithimid go bhfuil dualgas orainn freastal ar riachtanais na gasúir agus iad ag leanacht leis a gcuid oideachas trí mheán na Gaeilge sa mbunscoil. Bhí an polasaí teanga ata luaite ansin agam i bhfeidhm san ITT ó bhliain 2000. Nuair a ligeadh na maidí le sruth le bliain nó dhó, deir príomhoide na bunscoile áitiúla linn go raibh éifeacht air, is é sin, gur tháinig meath ar chaighdeán Gaeilge na ngasúr. Is é sin bun agus barr an mhéid atá le rá againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.