Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Okay. Tá fadhb againn. Nuair a cuireadh an ceistneoir chuig na Ranna Stát ar fad, tháinig figiúir de 48 ar ais. Caithfimid ceist a chur. Cá bhfuil an fhírinne sna figiúirí seo? Níl mé cinnte. Tá an Roinn ag rá go raibh 73 duine fostaithe sna blianta 2015, 2016 agus 2017. Dúirt na Ranna ar fad go raibh 48 duine fostaithe ó 2011 go dtí 2017. Tá ceist faoi sin. Ba mhaith liom ceist amháin eile a chur. Tá sé ráite nach bhfuil an t-éileamh ann, ach is dóigh liom go bhfuil ceist an éilimh curtha ar na daoine míchearta. Táthar ag cur na ceiste ar na daoine atá ag obair sna Ranna. An bhfuil sé i gceist gnáthdhaoine a cheistiú faoin éileamh atá i measc an phobail maidir le seirbhísí trí mheán na Gaeilge? Mar shampla, dá mbeadh an Státchóras chun seirbhísí Ranna Stáit a chur ar-líne agus daoine a iompú i dtreo an saol digiteach, déanfar taighde i measc an phobail go ginearálta faoin mhéid éilimh a bheadh ar sheirbhísí digiteacha agus cé mhéad duine a bheadh ag iarraidh fanacht le obair pháipéir, srl. An mbeadh an Roinn ábalta taighde a dhéanamh go neamhspleách le eagraíocht éigin ar an bpobal go ginearálta - gnáthshaoránaigh na tíre - ar an éileamh a bheadh ann dá mbeadh seirbhísí trí Ghaeilge le fáil sna Ranna éagsúla? An bhfuil aon taighde neamhspleách déanta ar an éileamh i measc an phobal, sa mhéid is go mbeadh daoine sásta an tseirbhís Gaeilge a úsáid? Nílim ag caint faoin mhéid atá á rá ag na Ranna Stáit, na príomhoifigigh nó na daoine atá fostaithe sna Ranna. Tá mé ag caint faoin mhéid atá á rá ag an pobal féin. An mbeadh an Roinn sásta market research ceart, taighde eolaíoch agus neamhspleách, ar an éileamh i measc an phobail ar sheirbhísí trí Ghaeilge ón Státchóras a dhéanamh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.