Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 November 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
5:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Níl mé ag iarraidh aon duine a nochtú. Ní hé sin atá i gceist agam, ach tá an straitéis 20 bliain luaite go mion minic ag na comhaltaí anseo. Tháinig sé i bhfeidhm in 2010. Tá tréimhse 20 bliain i gceist. Tá seacht mbliana imithe. Chuir na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí ceisteanna faoi cad atá déanta ag an Roinn faoin straitéis seo. An freagra a thug an tUasal Ó Caigne ná gur tháinig muid tríd tréimhse trioblóideach ó thaobh chúrsaí airgid de. Agus mise i mo Chathaoirleach, níl mé sásta leis an bhfreagra sin. De réir mar a thuigim, tá ról faoi leith ag an Roinn faoin straitéis seo. Tá ról dearfach ag an Roinn an straitéis a chur chun cinn. An bhfuil an straitéis léite ag na finnéithe? An bhfuil tuiscint acu ar an straitéis? Cén dul chun cinn atá déanta ó thaobh na freagrachtaí atá ar an Roinn faoin straitéis seo?
No comments