Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

B'fhéidir gur féidir teacht ar an gceist seo ar bhealach difriúil ar fad ach déanfaidh mé pointe amháin ar dtús. Is é an t-iarAire, an Teachta Brendan Howlin, a d'iarr ar na Ranna ar fad measúnú a dhéanamh orthu féin ó thaobh cé mhéad duine le Gaeilge a bhí ag teastáil uathu sna Ranna. Nuair a tháinig na freagraí, bhí an líon sin an-íseal agus ní raibh aon ghlacadh ag pobal na Gaeilge leis sin. Is fiú é sin a rá. Nuair a tháinig an ghéarchéim airgeadais, thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir do gach Ranna Stáit agus gach comhlacht poiblí nach raibh aon chead acu aon duine a fhostú. Thug an Roinn an treoir sin do gach eagraíocht Stáit agus ní raibh aon chead aon duine nua a thógaint isteach, fiú má bhí daoine ag dul ar pinsean etc. ach i gcásanna eisceachtúla.

Is cuma faoin éileamh a deir na Ranna atá acu. Má ghlactar leis an mBille seo, tá an Stáit agus an Rialtas ag rá go bhfuil riail nua anois i bhfeidhm agus go gcaithfidh an Roinn a chinntiú go bhfuil 20% de na daoine nua atá ag teacht isteach sa chóras a bheith ina nGaeilgeoirí feidhmeacha - functional Gaeilgeoirs. Dá gcaithfí daoine le míchumas nó daoine nach Éireannaigh ó bhunús iad nó daoine nach as Baile Átha Cliath iad a bheith ina 20% de na daoine ag obair sa Státseirbhís, bheadh ar an Roinn cuóta, riail nó treoir a thabhairt do gach Roinn Stáit ag rá cén chaoi a bhfuil siad chun é sin a dhéanamh. Sin í an cheist atá agamsa. Má ghlacann muid leis an mBille agus má bhíonn sé ina dlí, tá an Rialtas ag rá leis an Roinn go gcaithfidh sí a chinntiú go mbeidh duine as gach cúigear atá ag teacht isteach sa Státchóras ina nGaeilgeoirí feidhmeacha. Cén chaoi a bhfuil an Roinn chun é sin a chur i bhfeidhm? Cén plean atá ag an Roinn chun é sin a dhéanamh?

An iad na daoine a thagann isteach ag íochtar an dréimire nó a thagann isteach ag na háiteanna is ísle sa Státchóras a bheidh Gaeilge ag teastáil uathu? Sin duine as gach cúigear. Má tá post fógraithe do phríomhoifigeach, an mbeidh an Roinn ag rá go bhfuil siadsan sa chóras cheana féin? Tá na príomhoifigigh cúnta a bheidh ag cur isteach ar an jab sin ag barr an dréimire agus, mar sin, an mbeidh an Roinn ag rá nach bhfuil gá an riachtanas Gaeilge a chur i bhfeidhm ag an gceann sin nó ag leibhéil níos ísle? Cén córas a bheidh ag an Roinn le déanamh cinnte go mbeidh sé trasna na gráid ar fad ionas go mbeidh daoine le Gaeilge ag teacht isteach sna gráid éagsúla?

Dúirt na finnéithe go raibh thart ar 37,000 duine sa Stát chóras. Má thógaim buile faoi thuairim go mbeidh 1% turnover sna daoine atá ag obair sa Státseirbhís, sin 370 post a bheadh á líonadh an bhliain seo chugainn. Má roinnimid é sin - duine ar gach cúigear - táimid ag caint ar thart ar 70 duine don bhliain seo chugainn a bheadh inniúil sa Ghaeilge. An bhfuil an Roinn chun é sin a roinnt trasna gach rannóg? Má tá deich bpost le fógairt ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an mbeidh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag rá go bhfuil cead deich bpost a fhógairt ach go caithfidh an Roinn sin a chinntiú go mbeidh ar a laghad beirt acu sin le Gaeilge? Sin an cheist atá agamsa. Sin atáimid ag iarraidh a fháil amach. Cén treoir a thabharfaidh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe - Ranna lárnach atá ag plé le gach duine atá fostaithe - le déanamh cinnte, má thagann muid ar ais anseo faoi ceann cúig bliana, go mbeidh na finnéithe ábalta a rá go bhfuil siad cinnte go bhfuil 20% de na daoine nua atá á fhostú ag an Stát anois inniúil sa nGaeilge? Sin an buncheist atá agam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.