Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

5:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá an ceart ag an fhinné i dtaca leis an remit atá ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ó thaobh na Gaeilge de ach tá remit i bhfad níos leithne ar an Roinn ar ndóigh. Is é sin caiteachas poiblí agus polasaí ginearálta an Státchórais go huile is go hiomlán. Tá dhá theanga oifigiúla ag an Stát seo agus, dá bhrí sin, tá remit nó dualgas ar an Státchóras go ginearálta seirbhís sa dá theanga oifigiúla a ofráil do shaoránaigh i ngach Ranna Stáit. De réir na figiúirí os comhair an choiste inniu atá curtha ar fáil ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, níl 98.4% d'fhostaithe sa Státchóras in ann an tseirbhís sin a chur ar fáil. An bhfuil sé sin maith go leor? Sin an chéad cheist.

Go háirithe ó tháinig an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm sa bhliain 2010, táimid ag plé le cúrsaí teanga. Sin seacht mbliana ó shin. I dtaca leis na seirbhísí a chuireann an Roinn ar fáil don tír go ginearálta ó thaobh na Gaeilge de, cad atá déanta ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le spriocanna na straitéise sin a bhaint amach?

Ní haontaím leis an argóint nach bhfuil an t-éileamh ann do ghnó leis an Státchóras a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Níl mé ag cur an locht ar na hoifigigh atá anseo inniu ach cuirtear an cúis sin chun tosaigh go minic. Níl sé ceart, áfach. An bhfaca na finnéithe riamh "Field of Dreams"? Ceann de na línte sa scannán sin ná, "If you build it, he will come." Tóg é agus tiocfaidh siad. Níl an tseirbhís ar fáil agus mar sin ní thiocfaidh siad. Cén fáth ar chuirfeadh duine scairt ar an Roinn agus iad ag iarraidh córas trí mheán na Gaeilge nuair nach bhfuil sé ar fáil? Tá an cuma air inniu nach bhfuil aon roadmap leagtha síos chun é a dhéanamh níos láidre nó an tseirbhís a thabhairt suas go dtí caighdeán ina mbeadh daoine in ann córas éifeachtach trí mheán na Gaeilge a aimsiú ón Roinn Caitheachis Phoiblí agus Athchóirithe.

Ó thaobh an sprioc de 20% mar a bhaineann sé leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, cad é an réamhobair atá ar bun faoi láthair chun an sprioc sin a bhaint amach? Tá seachtar nó ochtar as 500 nó 600 fostaí sa Roinn le líofacht sa Ghaeilge acu. Cad é an réamhobair atá ar bun taobh istigh den Roinn chun an sprioc de 20% a bhaint amach?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.