Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 November 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
5:00 pm
Joe O'Reilly (Fine Gael) | Oireachtas source
Sin í mo cheist dheireanach. Sa fhreagra ar thug an finné dom agus ina ráiteas tosaigh, dhírigh sé aird an choiste ar chúrsaí traenála sa Ghaeltacht don Státseirbhís agus ar an 4,744 fostaí sa tseirbhís poiblí a d'fhreastal ar ranganna de chuid Ghaelchultúr Teoranta. Tá sé sin go maith, ach cad a tharlaíonn nuair a thagann na fostaithe sin ar ais chuig a láithreacha oibre? An bhfuil aon leanúnachas ann? An dtugtar aon fhíor-dheis dóibh úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge? An dtugtar aon spreagadh, áiseanna nó rud eile dóibh chun iad a spreagadh agus a gcuid Gaeilge a choimeád, nó nach bhfuil i gceist ach ligint dóibh dul chuig ranganna ar a rogha féin ar bhonn deonach agus sin deireadh leis? An sin deireadh leis? Is í sin mo cheist don fhinné. Ní chóir go mbeadh sé sin deireadh leis. Ba mhaith liom freagra air sin.
No comments