Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is í seo an cheist is tábhachtaí. Cuirfidh mé an chuid eile ar ceal. Tá ceann amháin eile ag teastáil uaim. Bhí mise i m'oifig le gairid agus bhí fear nach bhfuil mórán Béarla aige ann. Bhí muid ag iarraidh plé leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ach d'fhéadfadh go mbeadh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bheith i gceist. Glaoigh muid uirthi. Ghabh mise ar an bhfón agus labhair mé Béarla. Dúirt an bhean an-deas a bhí ag cuidiú liom gur caithfidh sí labhairt leis an dté a raibh mé ag labhairt ar a shon. Bhí sí ag iarraidh deimhniú go raibh sé ag iarraidh go gcuirfinn an cheist. Dúirt mise léi go raibh fadbh bheag amháin, ba í sin nach bhfuil mórán Béarla ag an bhfear seo agus go mbeadh uirthi duine éigin le Gaeilge a fháil le labhairt leis. Ní raibh sí in ann. Ba cheart go mbeadh duine le Gaeilge ar fáil in oifig a bhfuil go leor den phobal ag plé leis. Ní bhacann muid leis. Ní bhacann pobal na Gaeltachta leis. Tá a leithéid de duine ann atá i bhfad níos fearr i nGaeilge na i mBéarla agus ní bhacann siad leis. Úsáideann siad an Béarla briste atá acu. Ní thuigim cén chaoi a thomhaistear éileamh. An dtuigeann an finné? Cén chaoi a thomhaiseann an Roinn an t-éileamh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.