Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 November 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
5:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
An rud atá mise ag iarraidh dul chuige ná seo. Ní smaoineoinn glaoch a chur. Chuirfinn litreacha agus chuirfinn ceisteanna parlaiminte síos i nGaeilge, mar tá a fhios agam go gcaithfear iad a fhreagairt laistigh de cheithre lá i nGaeilge má chuirim síos iad i nGaeilge. Mar a tharlaíonn, tá ceann ag dul chuig an Roinn an tseachtain seo chugainn. Ach maidir le gnó pearsanta, má théim isteach ar suíomh idirlíne na Roinne, ní deirtear liom "má tá tú ag iarraidh seirbhís den scoth i nGaeilge glaoigh ar...". Ní dtugtar ainm agus seoladh.
Cuirfidh mé an cheist ar an bhfinné ar bhealach eile. Má glaoim ar a Roinn ag iarraidh gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, cén seans atá agam an gnó sin a dhéanamh?
No comments