Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Níl aon mhaith dul siar ar an stair. Tá an stair a bhaineann leis an rud seo úsáideach. Ba mhaith liom cúpla pointe a dhéanamh agus cúpla ceist a chur. Níl aon tomhais ag an bhfinné ar an t-éileamh atá ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Deirim é sin toisc go mbreathnaím ar an gcleachtas atá ar dhaoine i mo Dháilcheantar féin. Is Dáilcheantar an Seanadóra é freisin. Is é an nós atá acu ná déileáil i nGaeilge leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta amháin. Déileáileann siad leis gach eagraíocht eile i mBéarla mura bhfuil a fhios acu go sonrach go bhfuil Gaeilge ag an té a bhfuileadar ag caint leis nó léi. Mar sin, níl a fhios ag an tUasal Ó Caigne cén t-éileamh atá ann. Bheadh sé spéisiúil fiafraigh den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta sna Forbacha faoin líon daoine a théann chuici ag labhairt Béarla, maidir le gnóthaí tithíochta Gaeilge mar shampla. Bheadh sé spéisiúil dul ansin ag an gcomhairle contae agus fiafraigh de cé mhéad de na daoine ceannann céanna a labhraíonn Béarla leis, mar tá a fhios ag chuile duine nach bhfaighfí an tseirbhís i nGaeilge.

Tá oifig Dháilcheantair agam agus is í an Ghaeilge an lingua francataobh istigh den oifig. Nuair atáimid ag caint eadrainn féin, is í an Ghaeilge a úsáideann muid. Glacaimid le bealach na héascaíochta mar chaithfimid an obair a dhéanamh. Mar sin, má tá a fhios againn go bhfuil seirbhís ar fáil trí Ghaeilge, úsáideann muid Gaeilge. Úsáideann muid Gaeilge go mormhór leo siúd a thagann chugainn agus a bhfuil fadhb acu a bhaineann le Gaeilge freisin. Úsáideann muid Béarla leis an gcuid eile mar, mura ndéanaimid é sin, ní gheobhaimid freagraí go brách.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.