Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sé sin cruinn agus ceart, ach sa chás nach bhfuil scéim á cur i bhfeidhm ag an Roinn Airgeadais, an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais nó an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe féin, cuireann an Coimisinéir Teanga tuarascáil le chéile. Nuair a réitíonn sé an tuarascáil sin, cuireann sé ós comhair an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe í. Sa gcás nach bhfuil Roinn Stáit ag géilleadh don rud atá an Comisinéir Teanga ag rá, is gá go dtabharfadh an tAire treoir don Roinn Stáit sin feidhmiú agus an rud a chur i bhfeidhm. Is í sin an tuiscint atá agam. Is féidir linn soiléiriú a lorg arís ar an gceist sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.