Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Leis an bpointe a chríochnú, sílim go bhfuil an tUasal Ó Caigne mícheart mar, ón tuiscint atá agam, is duine de na hombudsmen an Comisinéir Teanga. Tá na hombudsmen éagsúla freagrach don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Leagann an Comisinéir a thuarascáil bhliantúil ós comhair an Aire seo le feidhmiú muna bhfuil géilliúlacht ann. Nuair a bhí mise ar an Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions ba é an tAire sinsearach a bhí ag déileáil leis. Níl aon cheangal idir sin agus an obair a dhéanann Gaelchultúr ó thaobh traenáil agus oiliúint Gaeilge de. Baineann cur i bhfeidhm na scéimeanna teanga le príomhoifigigh na Ranna agus leis na hAirí atá sna Ranna éagsúla. Dá bhrí sin, is ábhar an-mhór imní dom nach dtuigtear go bhfuil feidhm ollmhór ag an Aire Chaiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i leith an ábhair sin. Is é atá freagrach, dar liomsa, ó thaobh géilliúlachta trasna na Ranna Stáit agus na comhlachtaí poiblí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.