Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Fáiltím roimh na hoigifigh go dtí an chomhchoiste. Táimid buíoch go bhfuil siad os ár gcomhair. Ba mhaith liom aird a tharraingt ar roinnt pointí a fheicim ón tuarascáil atá leagtha amach dúinn ag an Roinn. Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag obair i gcomhar le Oifig an Choimisnéara Teanga ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga atá luaite. Tá sé soiléir go bhfuil neamhghéilliúlacht ó thaobh scéimeanna teanga agus na Ranna éagsúla. Tá beagnach 40% de na Ranna Stáit agus na comhlachtaí poiblí nach bhfuil scéim teanga ar bith i bhfeidhm acu. An bhfuil náire ar an Roinn nach bhfuil sé sin ceartaithe? Is rud stairiúil é sin. Tá sé tarlaithe le riar maith blianta anuas. An bhfuil náire ar an Roinn go bhfuil an leibhéal neamhghéilliúlachta sin chomh ard agus nach bhfuil aon rud déanta faoi?

Cé mhéad duine ina iomláine atá fostaithe sna seirbhísí seo ar fad, idir Ranna Stáit agus comhlachtaí poiblí? Tá sé ráite go bhfuil 584 duine le hinniúlacht sa Ghaeilge. Cé mhéad é sin as an móriomlán? Cén móriomlán atá i gceist, agus cén céatadán atá i gceist ansin? Cén caighdeán Gaeilge atá ag an dream seo ar fad? Cén chaoi a dhéanann an Roinn tomhas ar an gcaighdeán Gaeilge atá ag na daoine atá fostaithe? Ar leor go ndéarfadh siad "tá cúpla focal agam, bhí mé sa Ghaeltacht cúpla uair agus d'fhoglaim mé Gaeilge don ardteist"? An bhfuil céim sa Ghaeilge acu? An bhfuil máistreacht sa Ghaeilge acu? Cén chaoi is féidir meastóireacht a dhéanamh ar chaighdeán na Gaeilge tríd na Státseirbhíse?

Tuigim go bhfuil sé mar sprioc go mbeidh Gaeilge ag 20% de na daoine nua a bheidh ag teacht isteach sa Státseirbhís. An bhfuil an Roinn muiníneach gur féidir é sin a bhaint amach? Cén chaoi a gcaithfidh an Roinn an córas earcaíochta a athrú le déanamh cinnte go dtarlóidh sé sin? Tá a fhios againn go bhfuil cásanna stairiúla ann ó thaobh an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, mar shampla. Thóg daoine cásanna go ndearnadh éagóir orthu ó thaobh na Gaeilge de agus nach bhfuair siad ardú céime caoi nuair a chuir siad isteach ar fhostaíocht sa Roinn sin. Céard iad na próisis atá i gceist sa Roinn le déanamh cinnte de go dtabharfar tús áite don sprioc go mbeidh, ag deireadh an phróisis, 20% na hearcaithe inniúil sa Ghaeilge? Cén caighdéan Gaeilge a bheidh an Roinn sásta glacadh leis? Cén chaoi a dhéanfaidh an Roinn cinnte go mbeimid ag fáil daoine le Gaeilge ag na leibhéil éagsúla ó príomhoifigeach anuas? Is léir dúinn nuair a fhéachann muid ar an suirbhé nach bhfuil Gaeilge ag an uafás de na príomhoifigigh. Sílim go bhfuil 12 príomhoifigeach atá inniúil sa Ghaeilge. Cén chaoi a dhéanfaimid cinnte go mbeidh duine ag gach leibhéal inniúil sa Ghaeilge?

Tá sé soiléir ó na figiúirí maidir leis an líon Státseirbhíseach gurb eol dóibh go bhfuil líofacht acu sa Ghaeilge, agus atá toilteanach seirbhís a sholáthar don phobal trí Ghaeilge, go bhfuil roinnt Ranna lag go deo ó thaobh na Gaeilge de, agus gan ach cúigear nó faoina bhun acu. Tá an Roinn Airgeadais, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara san áireamh sa chomhthéacs sin. Cé go ndéanann an Taoiseach cuid mhaith gaisce ó thaobh na Gaeilge, is féidir Roinn an Taoisigh a lua ina leith seo. Is léir go bhfuil an fhadhb chéanna ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí, ag Oifig an Ard-Aighne, ag Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, ag an Oifig Luachála, ag Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána, ag Oifig an Ombudsman do Leanaí agus ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Níl cúigear le Gaeilge i gcuid de na Ranna agus na oifigí sin. Cén fáth ar tharla sé sin? Céard atá i gceist ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a dhéanamh ionas go roinnfear an 20% nua seo atá ag teacht isteach trasna na heagrais ar fad? Níl aon mhaitheas na daoine nua ar fad a chur isteach sa Roinn Oideachais agus Scileanna, mar shample, lena chinntiú go bhfuil go leor daoine sa Roinn sin amháin. Ba cheart dúinn a chinntiú go bhfuil siad ag dul trasna na Ranna agus na hoifigí Stáit éagsúla. Cén scála ama atá i gceist go dtí go mbeimid ag an leibhéal ina bhfuil 20% de na daoine ar fad atá ag teacht isteach inniúil sa Ghaeilge?

Baineann an cheist dheireanach atá agam leis an functional bilingual. Glacaim leis gur functional bilinguals muide ar an taobh seo. Cén chaoi a dhéanann an Roinn tomhas nó briseadh síos ar céard is functional bilingual atá ann? Conas a chruthófar gur functional bilingual atá ann? Tá cuid mhaith ceisteanna curtha agam. Tiocfaidh mé ar ais le ceisteanna eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.