Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá sé beagáinín osréalach bheith ag léamh an cáipéis atá curtha chin cinn i nGaeilge agus bheith ag éisteacht leis an gcáipéis chéanna i mBéarla. Déanfaimid ár ndícheall leanacht ar aghaidh trí mheán na Gaeilge. B'fhéidir go léiríonn sé stádas na Gaeilge sa Státseirbhís go bhfuil na nithe seo chomh deacair. Tiocfaimid ar ais go dtí an pointe sin. Nuair a fhreagair an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an cúigiú ceist sa cheistneoir, dheimhníodh go bhfuil sé de dhualgas go sonrach ar oifigeach ar leith a Roinn an mhonatóireacht seo a eagrú agus tuarascálacha rialta a dhéanamh. Níl mé chun a hainm a lua. An raibh an oifigeach sin, nó aon duine eile ón Roinn le Gaeilge, ar fáil inniu? Tá mé ag caint faoin fhreagra a thug an Roinn ar an gcúigiú cheist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.