Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 November 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
5:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
B'fhéidir gur cheart dom i dtús báire an díospóireacht seo a chur i gcomhthéacs. Beagnach bliain ó shin, rinne an chomhchoiste seo cinneadh ceistneoir a sheoladh chuig chuile Roinn. Is dócha go bhfuil na freagraí uilig ar ais anois. Tá tús á chur againn inniu leis an bpróiseas maidir leis na freagraí a fuair muid ó na Ranna éagsúla. Is é sin an comhthéacs atá leis an cruinniú. Iarraim ar Daithí Ó Caigne tús a chur le cur i láthair na Roinne.
No comments