Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 November 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
5:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Ós rud é go bhfuil níos mó ná ceathrar comhaltaí i láthair, is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh na hoifigigh ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá anseo chun cur i láthair a dhéanamh: Daithí Ó Caigne, atá mar leas-rúnaí acmhainní daonna sa Roinn; agus Nicolas Ó Miacháin, atá mar phríomhoifigeach cúnta sa Roinn. Cuirim fáilte freisin roimh Mairead Nic Caba, atá mar phríomhoifigeach sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tá a fhios agam nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Ní chuireann sé sin isteach orm. Tuigim go bhfuil iarracht á dhéanamh acu. Is féidir leo úsáid a bhaint as na cluasáin. Sula dtosóimid, iarraim ar chléireach an choiste an ráiteas maidir le pribhléid a léamh.
No comments