Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 November 2017

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2017
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

1:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá an tionchar is mó i leith na teanga ag na ceantair is láidre sa Ghaeltacht ar nós Cois Fharraige, Gaoth Dobhair agus ceantair mar sin. Tá an tionchar is mó acu sin agus ag na bunscoileanna, réamhscoileanna agus meánscoileanna. Gabhaim m'aitheantas d'achan duine sna ceantair Gaeilge as an teanga a bhogadh chun tosaigh agus í a chaomhnú agus a chothú. É sin ráite, tá cupla ceantair lag sa Ghaeltacht fosta. Is é sin an fáth a rinne mé cinneadh maidir le tumoideachas sna bunscoileanna cúpla bliain ó shin agus mé ag obair ar an pholasaí oideachais. Tá spriocanna agam i leith caighdeán Gaeilge na múinteoirí scoile, tacaíocht faoi choinne na tuismitheoirí, na tacaíochtaí éagsúla, agus an ceangal atá ag na nithe sin leis an phleanáil teanga.

É sin ráite fosta, tá cuid mhór rudaí dearfacha ag dul ar aghaidh taobh amuigh den Ghaeltacht fosta, contae an Chathaoirligh féin san áireamh. Bhí mé i cúpla bunscoileanna in Ashbourne cúpla seachtain ó shin. Tá an caighdeán Gaeilge sa Ghaelscoil ansin dochreidte. Tá sampla eile in Swords. Dá rabhthas ag féachaint ar TG4 aréir, bhí daoine ag déanamh agallaimh i gceantar Leitir Ceannain. Ní raibh siad ag dul go dtí an Ghaelscoil. Bhí siad i Loreto Leitir Ceannain. Tá na daltaí ansin líofa. Tá an caighdeán thar barr. Tá rudaí éagsúla dearfacha ag dul ar aghaidh istigh sa Ghaeltacht agus taobh amuigh de. Aontaím le tuairim an Chathaoirligh maidir leis an chaighdeán i roinnt de na bunscoileanna agus meánscoileanna sa Ghaeltacht. Is é sin an fáth a rinne mé an cinneadh maidir leis an pholasaí oideachais cupla bliain ó shin. Tá sé sin tábhachtach. Tá an caighdeán agus na hacmhainní sna hollscoileanna de dhíth. Bhí an Cathaoirleach ag caint faoi na hollscoileanna sa Cheathrú Rua i nGaillimh agus i nGaoth Dobhair. Tá siad tábhachtach agus dearfach. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil ollscoileanna lonnaithe sna ceantair iargúlta.

Ba mhaith liom dul ar ais go dtí an córas seo. Tá sé thar a bheith tábhachtach ó thaobh an chaighdeán agus na n-acmhainní. Chun go mbeadh daoine ábalta Gaeilge a labhairt, tá spreagadh de dhíth sna réamhscoileanna, bunscoileanna agus meánscoileanna. Tá obair na tuismitheoirí sa teach tábhachtach fosta. Dá mbeadh aon chuidiú ag teastáil ó thuismitheoirí cuidiú a thabhairt chuig a bpáistí i leith an obair bhaile, tá mise agus mo chuid oifigeach sásta é a thabhairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.