Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 November 2017

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2017
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

1:30 pm

Chairman:

Ba chóir go labhródh na Teachtaí tríd an Chathaoir. Is liomsa an cheist. Tá an méid atá ráite ag an Aire Stáit ar eolas agam, ach ní bhainfidh an Rialtas amach an buiséad a bhí ann in 2007 roimh 2035. Ag an luas atá an Rialtas ag dul mar gheall ar an údarás, tógfaidh sé an méid sin ama. Tá go leor eile a bhfuil mé ag iarraidh labhairt faoi.

Tá a fhios agam nach bhfuil cúrsaí oideachais go díreach faoin Aire Stáit ach tá tionchar ollmhór ag cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht. Bhí mise i meánscoil amháin atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Bhí 14 múinteoir ag obair ann. Ní raibh Gaeilge líofa ach ag ceathrar dóibh. Bhí mé ag caint le scoil eile a bhí ag iarraidh múinteora. Chuir siad amach iarratas agus cuireadh 70 daoine ar an phainéal. Ní raibh Gaeilge líofa ag ceann amháin dóibh. Bhí orthu an dlí a bhriseadh chun múinteoir a fháil. Bhí mé ag caint le fear i mbunscoil i bPort Láirge agus bhí an fhadhb chéanna aige. Bhí air seasamh amach as an chóras mar gheall ar chúrsaí oideachais. Dúirt fear liom gur tháinig múinteoir nua sa rang. Dúirt an múinteoir sin "tar anseo" le páiste. Chuaigh an páiste chuige agus dúirt an múinteoir leis "no, that means go away from me". Tá caighdeán Gaeilge na múinteoirí atá ag teacht amach as an chóras oideachais uafásach íseal. Ní mise amháin atá ag rá é sin. Admhaíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna é sin. Tá tuairisc scríofa agus foilsithe aici a dhíríonn isteach ar fhadhb an easpa Gaeilge atá ag múinteoirí i ngach aon chearn den tír, ach go háirithe sa Ghaeltacht.

Chun é sin a athrú, caithfear dhá nó trí rud a dhéanamh. Más múinteoir duine sa Ghaeltacht ag an bhomaite atá ag iarraidh ullmhú don lá scoile dar gcionn agus ag iarraidh acmhainní a fháil, téann sé nó sí ar Google chun rud a fháil. Bíonn air nó uirthi iad a aistriú agus i bhfad níos mó oibre a dhéanamh chun bheith réidh le haghaidh na scoile. Níl na daoine le Gaeilge ag dul isteach sna scoileanna Gaeltachta. Tá múinteoirí sa Ghaeltacht anois ag fáil liúntais Gaeltachta atá ag múineadh i scoileanna lán-Bhéarla. Tá múinteoirí sa Ghaeltacht ag múineadh i scoileanna Gaeilge nach bhfuil ag fáil liúntais mar gheall ar mhúineadh sa Ghaeltacht. Tá sé ina phraiseach iomlán agus caithfidh go mbeadh buntaiste ag baint le múineadh sna Gaelscoileanna agus sa Ghaeltacht.

Tá mic léinn sa cheathrú bliain ag teacht amach as na hollscoileanna agus níl aon Ghaeilge déanta acu ar chor ar bith sa bhliain dheireanach. Tá siad ag dul b'fhéidir 18 mí gan Gaeilge a labhairt le héinne, staidéar a dhéanamh uirthi nó í a scríobh. Téann siad díreach isteach sa scoil agus caithfidh siad an Ghaeilge a úsáid ar an chéad dul síos. Tá Gaelscoileanna ann agus tá meánscoileanna ann ach caithfidh go mbeadh ollscoil ann. Admhaím go bhfuil acadaimh amuigh i nDún na Gall agus sa Cheathrú Rua agus tá rudaí beaga déanta anseo agus ansiúd. Chuala mé nach bhfuil mic léinn ag iarraidh dul amach ann mar tá siad ag iarraidh taithí an champais a fháil. Caithfidh go mbeadh an Rialtas ag díriú isteach ar ollscoil lan-Ghaeilge agus go mbeadh múinteoirí ag déanamh gach cuid dá gcéimeanna i nGaeilge. Níl muid ag cruthú múinteoirí le Gaeilge chuí ar chor ar bith. Is fáinne fí é. Titeann caighdeán Gaeilge an chéad ghlúin eile agus téann sé ar aghaidh arís agus arís eile. I go leor Gaeltachtaí, tá comhlacht nó coláiste samhraidh amháin ann, tá scoil ann agus tá craobh den Chumann Lúthchleas Gael ann. Tá an Ghaeltacht go hiomlán ag brath ar na trí nasc sin. Tá an scoil ag lagú arís agus arís eile. Tá mórámh de na naíonraí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Bhéarla. Tá sé sin dochreidte ar fad. Níl aon bhaint ag an Ghaeilge leis an réamhscolaíocht anois. Má théann páistí do réamhscoil nuair atá siad trí nó ceithre bliana d'aois, níl aon bhaint go hoifigiúil ag an nGaeilge leis an oideachas sin ar chor ar bith. Is mór an fhadhb í.

Faoi dheireadh, ba mhaith liom na pleananna teanga a ardú. Tá mé tar éis é a rá arís agus arís eile. Bhí mé den tuairim go dtiocfadh athrú meoin ar an Aire Stáit mar gheall ar an méid airgid gur cheart dó a chur isteach san earnáil seo sa bhuiséad. Bhí díomá orm nár tharlaigh sé. Tá rudaí dearfacha ag titim amach sna Gaeltachtaí, cinnte, ach i mBaile Bhuirne tá 6% de na páistí ag teacht ó tithe le Gaeilge ón chliabhán. Sa Rinn, tagann 4% de na páistí ó tithe le Gaeilge. Is iad sin na figiúirí atá ag teacht ó na pobail féin nuair atá siad ag ullmhú na pleananna sin. Sin an méid atá ann agus tá sé an-íseal. Tá rudaí dearfacha ag titim amach ach caithfimid féachaint ar na dúshláin ollmhóra atá ann freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.