Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 November 2017

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2017
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

1:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta faoi choinne na ceisteanna. Ar an chéad cheist fadúda pleanáil teanga, mar atá a fhios ag an Teachta, tá comhrá ag dul ar aghaidh idir mo chuid oifigeach, Údarás na Gaeltachta agus na heagraíochtaí ábhartha anois. Bhí cruinniú idir mo chuid oifigeach, oifigigh ó Údarás na Gaeltachta agus dream ó Chois Fharraige an tseachtain seo caite. Tá mé ag fanacht ar thoradh an chomhrá sin. Tá an comhrá ar bun faoi láthair. Tá sé de dhíth. Sílim go bhfuil cúpla deacrachtaí agus fadhbanna ann. Tá mé ar iarraidh spáis faoi choinne na gcomhráite atá ag dul ar aghaidh maidir leis sin.

Maidir leis an cheist faoi choinne deiseanna fostaíochta, tá mé ar an pháirc peile céanna leis an Teachta maidir leis sin. B'fhéidir go mbeidh deiseanna ag daoine ó na ceantair Gaeltachta le hoideachas tríú leibhéal teacht ar ais.

Níl an iomarca airgid breise ar fáil ach, é sin ráite, bhí suas le €200,000 ar fáil in 2014 agus beidh €2.6 milliún ar fáil an bhliain seo chugainn faoi choinne pleanála teanga. Is tús é sin. Chuala mé an díospóireacht agus na smaointe fadúda acmhainní. Bhí an Cathaoirleach ag caint fadúda na hacmhainní fosta. Níl a fhios agam go mbeadh achan duine ag aontú leis an seanfhocal "tús maith, leath na hoibre". Tá an tús de dhíth. Agus rudaí faoin reachtaíocht ag dul ar aghaidh, tá dualgas againn uilig maidir le pleanáil teanga. Níl a fhios agam cad a tharlóidh maidir leis na hacmhainní amach anseo.

Faoi choinne Fhoras na Gaeilge, tá an fhreagracht as plé a dhéanamh ar chomhmhaoiniú ón Tuaisceart ar Shinn Féin. Tá díomá mhór orm nach bhfuil an Fheidhmeannas ar bun i Stormont sa Tuaisceart. Tá achan duine ar an tuairim chéanna. Táimid dóchasach go mbeadh Feidhmeannas ann amach anseo agus go rachadh gnó an Rialtais ar aghaidh i Stormont. B'fhéidir go mbeadh an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas ag dul ar aghaidh fosta maidir leis an phlé atá de dhíth. Agus é sin ráite, tá an comhrá ag dul ar aghaidh i gcónaí idir mo chuid oifigeach agus na hoifigigh sa Tuaisceart. Chím teachtaireacht an Teachta fosta. Maidir le maoiniú díreach do na ceanneagrais, rinne an Roinn cinneadh maoiniú a chur ar fáil i leith digitiú An Claidheamh Soluisagus chartlann Chonradh na Gaeilge. Beidh maoiniú ar fáil fadúda sin.

Maidir leis an scéim tacaíochta agus an €1.9 milliún, beidh mé sásta dul ar ais chuig an Teachta fadúda an méid atá caite-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.