Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 November 2017

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2017
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

1:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist gairid agam, dhá cheist faoi phleanáil teanga san áireamh. Tá cuid de na grúpaí a réitigh pleananna ag rá nach leor an €200,000 leis an obair a dhéanamh i gceart. Ní mór an maith iarraidh ar dhaoine plean a réiteach gan na hacmhainní cuí a chur ar fáil dóibh leis an bplean a chur i gcrích. An bhfuil sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh gan ach €100,000 a chur ar fáil? An bhfuil sé i gceist breis airgid a chur ar fáil? Baineann na pleananna seo le ceantair Gaeltachta. An bhfuil spriocanna sna pleananna maidir le cruthú fostaíochta teangalárnach sna ceantair seo? Dar liom, níl aon rud a mheallann pobail, go mórmhór pobail tuaithe, níos mó ná deiseanna fostaíochta. Creidim go bhfuil na coláistí Gaeilge tar éis an-leas a dhéanamh. I gConamara feicimid go leor fostaíochta teangalárnach - postanna riaracháin, postanna san earnáil craoltóireachta, postanna san earnáil oideachais, postanna mar aistritheoirí agus mar sin de. An bhfuil sé mar sprioc i gcuile plean go mbeadh tuilleadh fostaíochta den chineál sin d'ardchaighdeán ar fáil sna ceantair faoi na pleananna teanga? Sin ceist amháin.

Baineann an dara ceist le Foras na Gaeilge. An raibh plé déanta ag an Aire Stáit maidir le comhmhaoiniú breise a fháil ón Tuaisceart? Faoin Foras Teanga, cuireann an tAire Stáit €3 ar fáil d'Fhoras na Gaeilge do chuile euro a chuireann an Feidhmeannas ó Thuaidh ar fáil, nuair a bhíonn sé ann. Tá sé ar an mbealach eile thart le Gníomhaireacht na hUltaise. An bhfuil srian ar fhorbairt Fhoras na Gaeilge de bharr nach bhfuil aon Fheidhmeannas ann? Má tá, an mbreathnódh an tAire Stáit le cistíocht Stáit a chur ar fáil go díreach do chuid de na heagraíochtaí Gaeilge, gan dul tríd an fhoras, le cur lena gcuid gníomhaíochtaí i líne leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge? Mura ndéanann an tAire Stáit é sin, beidh srian iomlán agus smacht iomlán ag Rúnaí Stáit na Breataine ar an bhForas Teanga.

Tá €1.9 milliún ar fáil faoi chlár C3, scéimeanna Gaeltachta. Tá mé ag caint faoi chaipiteal anois. Tá €1.9 milliún ar fáil mar fuair an tAire Stáit €500,000 breise. Cé mhéad do sin atá caite go dtí seo i mbliana? Abraimis go dtí dé hAoine seo caite. Glacaim leis sin. Tá an cheist chéanna agam i leith na hoileán, clár C9. Bhí €2.6 milliún ar fáil ansin. Cé mhéad do sin atá caite suas go dtí dé hAoine seo caite? Muna bhfuil an figiúir ag an Aire Stáit go dtí dé hAoine, glacfaidh mé leis an lá deiridh den mhí seo caite.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.