Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Tá dhá pointe sciobtha agam. Molaim an rud a luaigh an Teachta faoi COGG. Ba chóir é sin a dhéanamh. Ní haon mhaith le teacht le chéile mura bhfuil moltaí díreacha ag teacht amach as an rud. Molaim go láidir an pointe a rinne Ms Ní Fhionghuin. Má tá achainí amháin ag teacht amach as an gcruinniú seo inniu, is géarghá é sin. Creidim i gcónaí nach bhfuil aon mhaith teacht ag cruinniú mura bhfuil toradh ann. Má tá achainí amháin ann, ba chóir go mbeadh sé go n-aithneoidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige óige na Gaeltachta mar spriocghrúpa. Sin a dúirt Ms Ní Fhionghuin. Is é sin an rud is tábhachtaí.

Le cur le pointe an Teachta, ní hé go bhfuilimid ag dul isteach i dtobar an Bhéarla. Cuireann an Roinn an t-airgead sin, ná an t-allúntas atá dlite d'óige na Gaeltachta, ar fáil don áisínteacht Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta. An dtuigeann an Teachta? Go minic bímid ag toraíocht tobar. Sin é gur gá a dhéanamh. Caithfidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.