Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá €17 milliún d'fhoinsí Stáit ar iarraidh anseo. Bheadh sé an-spéisiúil fháil amach céard iad na foinsí seo. Fágfaimid é sin ar leataobh ar feadh soicind. Ó thaobh an bhus de, tá mé ag obair ar cheist an bhus i gConamara agus ar Chois Fharraige. Tá go leor fadhbanna ag baint leis sin. Tá cruinniú beagnach socraithe faoi sin. Tá súil agam dul chun cinn a dhéanamh. Tá easpa seirbhíse bus d'óige i ndeisceart Chonamara agus is fhadhb an-mhór é ach, ó tharla go mbaineann sé seo leis an tír uilig, ní chaithfidh mé an tráthnóna leis seo. Tá ceist ollmhór ann.

Ar cheist na dtéacsleabhar, ba cheart scríobh chuig an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Molfaidh mé é sin ar ball, nuair a bheidh an cruinniú príobháideach ar siúl. Molfaidh mé go scríobhfaimid chuig COGG i dtaobh dhá cheist atá ag éirí le téacsleabhair. Is é an chéad cheist ná go mbeadh téacsleabhair i nGaeilge ar fáil agus an dara cheist ná go mbeidís i nGaeilge intuigthe na Gaeltachta seachas sa nGaeilge oifigiúil seo atá an-deacair a thuiscint. Feicim go bhfuil a dhá oiread oibre ar na coistí, na scoláirí agus mar sin de atá ag iarraidh a gcuid oibre a dhéanamh i nGaeilge. Is fadhb ollmhór í sin. Feictear coistí a mbraitheann gur cheart leagan Béarla a chur ar fáil má scríobhann siad chuig an Stát i nGaeilge . Ní chuirim féin mar tá córas aistriúcháin ag an Rialtas. Tá dualgas faoin dlí aige an tseirbhís chéanna a chur ar fáil do dhaoine a scríobhann i nGaeilge. Fágfaimid é sin mar atá sé. Má tá an iomarca dua ann, éirítear as agus gabhtar an bealach is éasca. Níl duine ar bith sa nGaeltacht nach bhfuil Béarla aige nó aici. Tá go leor daoine sa ngalltacht nach bhfuil Gaeilge acu. Nach í sin an fhadhb? Tá an-trua agam do dhaoine atá ag streachailt leis an bhfadhb sin.

Maidir le ceisteanna airgid, tá na sonraí ar leathanach 50 den straitéis. Is é an rud mór sa bplean foirfe seo ná na hionaid buail-isteach. Má táimid dairíre faoin straitéis 20 bliain agus faoin óige, ba cheart tosaíocht iomlán a thabhairt do seo. Beidh an dream atá fásta a bhfuil an Ghaeilge acu go breá. Níl an cheist atá ann an bhfuil eolas ar an dteanga ag na daoine óga ach an labhraíonn siad eatarthu féin í? Mura mbeidh na rudaí seo ann, beidh brú orthu. Beidh mise ag tacú go hiomlán leis seo. An airgead mór é? Ní dóigh liom gurb é. Bhí muid ag lorg €5.3 milliún i mbliana. Dá mbeadh sé sin faighte againn, bheadh sé éasca. B'fhéidir nach gcaithfidh Muintearas an €495,000 an bhliain seo chugainn mar chaithfear daoine a fhostú agus mar sin de. Is sa dara bhliain a bheadh an costas iomlán €690,000. Ní airgead ollmhór é má táimid dairíre faoi dhaoine óga ar dhá leibhéal: ar mhaithe leo féin agus a leas féin; agus ar mhaithe leis an teanga.

Tá dhá rud ann. Tá ceart againn mar shaoránaigh an Stáit seirbhísí ceart a fháil. Táimid i gcónaí ag iarraidh daoine óga á gcur ag labhairt na teanga. Déanfaidh an plean a chuir Muintearas le chéile é sin. Tá mo thacaíocht iomlán aige ar seo. Ní fheicim gur praghas mór é seo má táimid dairíre ar chor ar bith. Agus muid ag plé leis an straitéis, bheinn ag súil go bhféadfaí go leor a dhéanamh go náisiúnta le €10 milliún sa mbliain sa mbreis ar an méid atá ann. I gcomhthéacs chaiteachas an Stáit, ní tada é.

Ní gá le Mr. Ó Coisdealbha é seo a fhreagairt ach ba mhaith liom go dtuigfeadh sé cé as a bheadh mise ag teacht ar na rudaí seo. Ó mo thaithí, is ceann de na buntáistí atá ann leis an airgead a fháil trí na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta ná go bhfaightear seirbhís iomlán trí Ghaeilge. Tuigim an loighic a bhaineann le dul ag na heagraíochtaí Béarla ach go minic bíonn fadhb ann. Ó thaobh an Stáit de, níl aon difríocht ann. Is é an costas ceannann céanna atá ann ó thaobh an Stáit. Dá mbreathnódh an Stát ar rudaí ó satailít sa spéir, feicfidh sé gur chuid de chaiteachas iomlán an Rialtais é. Is plé é sin go ginearálta a chaithfear a bheith ann, ach tógaim faoi deara, nuair a bhí muid ag plé mar Roinn le háiseanna spóirt agus caitheamh aimsire na nGaeltacht, agus Fianna Fáil i réimeas, bhí béim ollmhór ar an nGaeilge ag na cumainn ag bhí ag fáil an t-airgead. Nuair a bhrúigh an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt isteach ar an bpáirc, bhí chuile shórt á dhéanamh trí Bhéarla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.