Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Aontaím go huile is go hiomlán leis an Seanadóir. Níl aon rud as nua ag tarlú. Is cur amú airgid go leor a bheith ag cuimhneamh ar fhoirgneamh as an nua agus chuile shórt. Glacaim leis an bpointe mar gheall ar an CLG go pointe áirid ach ní cheart dúinn a bheith ag cuimhneamh i gcónaí air. Tá an CLG luaite in intinn dhuine óg le cluichí áirid agus b'fhéidir gur b'in iad na daoine óga nach bhfuil tada ann dóibh. Tabhairfaidh mé sampla maith. I mo pharóiste féin sa Spidéal faoi láthair tá togha an fhoirgnimh - seanscoil na gcailíní - ansin. D'fhéadfaí úsáid maith pobail a bhaint as sin ach faoi lathair tá sé ag eagraíocht Stáit - an HSE - agus níl an úsáid ceart á bhaint as. Sin an áit gur cheart an smaointeoireacht a dhéanamh, le cuid de na háisineachtaí Stáit a bhfuil áiteacha mar sin ar cíos acu ionas go mbeidís á n-úsáid go ceart sa bpobal. Sin ach sampla amháin.

Ceann de na géarchéimeanna is mó a bheidh sa tír seo as seo go ceann sé bliana ná easpa ceardaithe. Tá sé ann cheana féin ach beidh géarchéim ann faoi ceann sé bliana agus ciallódh sé go mbeidh orainn dream a thabhairt isteach le dul i mbun na gceirde sin. Bhí mé féin agus an tUasal Ó Braonáin á phlé ar ball. Níl na figiúirí os mo chomhair ach is dóigh go bhféadfaí a rá i mbliana gurb éigean d'Údarás na Gaeltacht scaoileadh le scór nó níos mó daoine óga a bhídís ar printíseacht cheal airgid. Tá a fhios agam beirt acu atá bailithe thar lear. Nach mór an peaca é, beirt cheannairí óga den scoth as a bpobal féin. D'imigh mé féin as phost Stáit fadó mar gheall ar chúrsaí grá agus adventure. Sin cinneadh a rinne mise ach is daoine iad an bheirt atá i gceist agamsa, agus b'fhéidir scór, a rinne cinneadh gurb éigean dóibh dul thar lear. Níl ansin ach rud simplí. Cé mhéad duine i mbliana nár éirigh leo dul ar scéim na bprintíseachtaí Gaeilge cheal €60,000 nó €80,000? Is feall é sin, dar liom. Tá ainm, mar a dúirt mé, ar bheirt, ach tá níos mó ná beirt ann. Níl ansin ach sampla.

Caithfidh muid díriú ar rogha a thabhairt do dhaoine óga freisin. Tá go leor daoine le céimeanna faoi láthair ag obair i mbeáir. Níl tada contráilte leis sin. Is oideachas maith é, fad is nach bhfuil siad ag baint iomarca úsáid as an rud atá taobh thiar den chuntar. Sin smaointeoireacht go gcaithfidh muid a dhéanamh. Más rud é go bhfuil muid ag scaoileadh le deichniúr sa mbliain faoi láthair cheal scéim na bprintíseachtaí Gaeltachta, tá sé sin náireach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.