Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Bheadh an méid coibhneasach níos mó ná an méid atá ar fáil do Mhuintearas faoi láthair. Measaim gur cheart ceist i dtaobh collaboration leis na heagrais eile a ardú sa chomhthéacs seo. Tá cuid de na heagrais eile ag feidhmiú sa Ghaeltacht fosta.

Ag leibhéal náisiúnta, caithfear teacht ar réiteach faoin cheist seo. Sa deireadh thiar thall, caithfear a rá cé atá freagrach as an Ghaeltacht agus an bhfuil cuid den bhuiséad atá á chur ar fáil do na heagrais eile le bheith curtha ar fáil don údarás. Tig linn moltaí a dhéanamh ach caithfear é sin a réiteach ag leibhéal polaitiúil.

Ó thaobh an obair atá ar bun sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, tá mé cinnte go mbeidh na torthaí a bheidh ar fáil ag taispeáint go bhfuil value for money ón chaiteachas sin agus go bhfuil buntáiste mór ann ó thaobh na seirbhísí a chuirtear ar fáil agus 40,000 duine ag obair go deonach le cois na daoine atá ag obair sa chóras - 1,350 duine nó rud éigin a bhí ag obair ann in 2011 - ar fud an Stáit.

Tá cuid de na moltaí agus cuid de na rudaí atá ag titim amach as an suirbhé an-spéisiúil ar fad. Cím go bhain Muintearas úsáid as surveymonkey.comagus, gan aon dabht, sin córas maith. Measaim go bhfuil eolas anseo gur féidir a úsáid chan amháin sa Ghaeltacht ach taobh amuigh den Ghaeltacht mar tá cuid dó ginearálta agus ag baint le cúrsaí sláinte, meabharshláinte agus a leithéid. Tá saibhreas leis an eolas seo. Ó thaobh an airgid atá i gceist, is airgead beag é sa chomhthéacs iomlán.

Ó thaobh na hionaid buail-isteach, bricks and mortar, mar a déarfá, tá sé i gcónaí tábhachtach go mbeadh áit ag daoine óga le dul. An féidir networking a dhéanamh ansin le cuid de na heagrais eile, mar shampla, an Cumann Lúthchleas Gael? Tá ceann in achan pharóiste. Dá dtigfeadh ceangal a dhéanamh le heagras cosúil leis an CLG, ní gá struchtúr úr a thógáil anseo. Tá mé ag rá é seo le blianta anuas. Chan amháin sa Ghaeltacht ach ar fud na tíre, déarfainn go mbeadh fáilte ag leibhéal náisiúnta ón CLG. Tá fear as Bhaile Átha Cliath, John Horan, tofa ina uachtarán ar an CLG agus tá suim mhór aige i gcúrsaí Gaeilge agus i gcúrsaí óige. An féidir an ceangal sin a dhéanamh agus é a thiomáint fosta fá choinne an template seo a láidriú? Tá a fhios agam gur struchtúr eile atá ag an CLG. Fá choinne moltaí cosúil le cuid de na moltaí atá anseo a chur i bhfeidhm, áfach, cén tuairim atá ag na finnéithe faoi? An bhfuil sé indéanta? An féidir é a dhéanamh? An bhfuil options ansin? I gcás an FAI, níl cumann sacair i ngach paróiste ach tá club de chuid an Chumann Lúthcleas Gael i ngach baile fearainn beagnach. Tá, certainly, i ngach paróiste. An féidir úsáid a bhaint as sin?

Labhair an Teachta Aindrias Moynihan faoi career guidance agus tá sé soiléir ón suirbhé go bhfuil botún déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Aithnítear sa suirbhé seo go bhfuil bearna ann. Caithfidh an Roinn Oideachais agus Scileanna an t-airgead a thabhairt do na hógeagraíochtaí an tseirbhís a chur ar fáil nó an tseirbhís a chur ar ais é féin. Tá deacrachtaí ag go leor daoine óga. Bíonn muid uilig ag caint le daoine óga. Tá sé deacair go leor dóibh a n-intinn a dhéanamh suas maidir le hoideachas tríú leibhéal nó ceard a bhaint amach agus níos deacra fós nuair nach bhfuil an comhairle ann. An bhfuil aon networking a thigfeadh a dhéanamh leis an CLG nó aon eagrais eile? B'fhéidir go bhfuil obair déanta ag Muintearas ar an ábhar seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.