Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 October 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates For Public Services 2017: Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

1:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is maith liom go bhfuil Fine Gael tar éis an méid sin a thabhairt dúinn. Tá sé i gceist ag an Aire Stáit an dubh a chur ar an mbán nó, mar a deirtear i mBéarla, "robbing Peter to pay Paul". Níl airgead breise i gceist. Caithfidh mé a rá go dtacaím go hiomlán leis an gCathaoirleach maidir leis an dá uair a cuireadh siar na toghcháin daonlathacha do bhord an údaráis. Faoi láthair, tá daoine sna comhairlí contae nach bhfuil spéis dá laghad acu sa Ghaeltacht - i gcuid de na comhairlí contae, níl duine ar bith ar an gcomhairle ón Ghaeltacht - ag ainmniú daoine le cur ar bhord an údaráis. De réir ráflaí, níl fiú an Ghaeilge ag cuid de na daoine a bhfuiltear ag caint orthu. Tá ceist agam don Aire Stáit maidir leis na hainmniúcháin atá á dhéanamh sna comhairlí contae. Má chuirtear moltaí chuige daoine a n-ainmniú nó a ceapadh ar bhord an údaráis nach dóigh leis go bhfuil Gaeilge acu, nó dóthain Gaeilge lena gcuid gnó a dhéanamh chuile lá trí Ghaeilge, agus nach bhfuil aon cheangal acu leis an nGaeltacht, an ndiúltóidh sé iad a cheapadh ar an mbord? Tá sé de dhualgas air de réir na reachtaíochta a leithéid a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.