Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 4 October 2017
Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Estimates For Public Services 2017: Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
1:30 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Níl na sonraí agam. Níl sonraí ar bith agam. Ní cheart go mbeadh laghdú i gceist. Mar shampla, tá an buiséad don phlean teanga imithe ó náid go dtí €1.25 milliún. Is méadú é sin. Nuair a tháinig mé isteach sa ról seo sa bhliain 2014, fuair mé €1 milliún fá choinne Údarás na Gaeltacht fosta. Iarraim ar an Teachta stop a chur leis an gcaint mar gheall ar laghdú. Ní bheidh aon laghdú. Tá sé ag méadú. Ní bheimid ar ais go dtí 2007, 2008 nó 2009. Tá na sonraí agam faoi na fáthanna a bhaineann leis an scéal sin.
No comments