Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 October 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates For Public Services 2017: Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

1:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Maidir leis an straitéis 20 bliain, beidh straitéis cúig bliana ag dul ar aghaidh fosta agus beidh sé sin réidh ag deireadh mhí na Samhna nó roimh an Nollaig. Beidh mé i dteagmháil maidir leis na sonraí.

Maidir leis an Ghaeilge go ginearálta, bhí an Cathaoirleach ag caint faoi Chontae na Mí agus faoi na deacrachtaí, na buntáistí agus na míbhuntáistí atá ann. Beidh ról ag agus dualgas mór ar an Roinn Oideachais agus Scileanna. Sin an fáth go bhfuil an polasaí oideachais le cur i gcrích fosta. Ba mhaith liom m'aitheantas a ghabháil chuig na hoifigigh sa Roinn Oideachais agus Scileanna mar tá siad ag obair leis na daoine sna scoileanna ón mbun aníos. Tá na daoine sna ceantair agus pobail tuaithe i mo cheantar féin freagrach as cén cineál scéimeanna a bheidh sna scoileanna. Sin dea-scéal fosta.

Taobh amuigh den Ghaeltacht, an tseachtain a chuaigh thart bhí mé i Sord agus chas mé leis na daoine sa bhunscoil. Bhí idir 750 daoine ann. Tá spreagadh mór ann sa scoil seo agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá na rudaí nádúrtha ag bogadh ar aghaidh. Níl náire ar dhaoine a bheith ag labhairt Gaeilge i dTeach Laighean. Tá na ushers, na daoine uilig a oibríonn sa chistin agus achan duine eile ag labhairt Gaeilge. Is é athrú sin ar an an scéal a bhí ann cúpla bliain ó shin. Níl náire ar dhaoine botún a dhéanamh agus iad ag labhairt Gaeilge. Tá dualgas orainn uilig maidir leis na rudaí sin a bogadh ar aghaidh. Má tá smaoineamh ag éinne maidir leis sin, tá mise sásta lean ar aghaidh leis fosta.

Tá polasaí ar na hoileáin. Tá deacrachtaí ann agus sin an fáth go mbíonn na báid fharantóireachta agus an aeirsheirbhís go dtí na hoileáin Árann ann. Inniu, mar shampla, thug an tAire Stáit, an Teachta Michael Ring, tiomantas mór d'Árann Mór fá choinne ionad digiteach. Tá gach duine ag labhairt faoi leathanbhanda. Tá daoine in Manchain ó Árainn Mór, Bere Island agus Sherkin Island ag iarraidh teacht ar ais ach níl an leathanbhanda ann. Céim ar chéim, beimid ag obair i lámh a chéile fá dtaobh den todhchaí.

Tá dearcadh dearfa agam fa dtaobh den todhchaí. Leis na bóithre, na bealaí isteach go dtí na Gaeltachtaí agus an leathanbhanda, b'fhéidir go mbeidh an saol níos fearr amach anseo do na daoine ag teacht ar ais. Cím na deacrachtaí maidir leis na huimhreacha sna scoileanna fosta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.