Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 October 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates For Public Services 2017: Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

1:30 pm

Chairman:

Rud eile atá ag teacht suas ná na toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta. Tá daoine sa Ghaeltacht ag rá nach bhfuil córas cumarsáide eatarthu agus Údarás na Gaeltacht níos mó mar níl na daoine ag teacht ar ais ón údarás ag rá cad atá ag titim amach. Tá daoine tofa ar bhord Údarás na Gaeltachta anois nach bhfuil aon bhaint acu leis na ceantair Ghaeltachta ar chor ar bith nó nach bhfuil aon Ghaeilge acu fiú. Is rud polaitiúil é anois é a thabhairt do chomhairleoir éigin sa pháirtí má tá an deis ann. Tá an nasc scriosta go hiomlán idir muintir na háite agus an t-údarás. Ba cheart go mbeadh two-way cumarsáid ann idir an Ghaeltacht agus an t-údarás, ach tá sé sin ar leataobh anois.

An bhfuil polasaí oileánda ag an Rialtas? An féidir linn é a fheiceáil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.