Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 26 September 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)
5:00 pm
Mr. Pádhraic Ó Ciardha:
An chéad rud atá le rá, agus ar a laghad beirt abhcóid os mo chomhair amach, ná gurb é an tAire a cheapann an bord. Níl aon ról ag TG4 i roghnú an bhoird. Tá na forálacha maidir le ceapachán an bhoird, a leagann síos na tréithe agus cáilíochtaí a theastaíonn, san Acht Craolacháin. Go bhfios dom, tá trí fholúntas ar an bhord faoi láthair. Tá an sprioclá d'iarratais thart agus tá pé eagras a dhéanann na rudaí sin - publicjobs.ieis dóigh liom - ag meas na n-iarratas sin. Faoi mar atá ag na craoltóirí seirbhíse poiblí uile, tá an t-ardstiúrthóir ina bhall den bhord. Tá ionadaithe ó fhoireann TG4 tofa agus ag feidhmiú ar an mbord freisin. Tá cead ag aon saoránach cur isteach ar an bhfolúntas. Níl a fhios agam an bhfuil iarrthóirí istigh ón earnáil. Tá a fhios agam ó chraoltóirí eile go mbíonn deacrachtaí uaireanta ann nuair a cheaptar léiritheoir le bheith ar bhord craoltóra a bhfuil sé nó sí i mbun gnó leis. Bíonn an té sin taobh amuigh den doras níos minice ná a bhíonn sé nó sí taobh istigh. Níl aon ról againn i roghnú an bhoird. Tá bord iontach againn.
No comments