Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Alan Esslemont:

RTE agus TG4, agus TG4 agus an BBC freisin. Tugann an dá chraoltóir sin lucht féachana mór nach mbeadh ag Channel 4 nó TG4. Bíonn plé an-maith agus an-láidir againn le Mr. Mac Con Iomaire agus le Dee Forbes faoin gcaoi inár féidir linn ardán RTE a úsáid leis an rud is mó a bhfuil suim againn ann - an t-ábhar Gaeilge - a chur ar aghaidh go dtí an leibhéal náisiúnta. Tá sé sin i gcónaí an-tábhachtach don Ghaeilge. Cuirimid sain-seirbhís ar fáil atá lán le Gaeilge ach níl an sciar againn. Táimid sa seachtú áit. Má bhreathnaítear ar an triantán sin, céard atá sa chéad áit? Is RTE1 atá ann. Is é an straitéis atá ag Mr. Con Iomaire ná an Ghaeilge a chur ar fáil ar RTE1 agus ar a player. Táimid ag obair le chéile ar straitéis ina mbeidh spásanna branded ag TG4 ar RTE1. Cuir i gcás an nuacht a bhíonn ann ag 5.45 p.m. Tugtar "Nuacht RTE" air ach i ndeireadh na dála is "Nuacht TG4" atá ann. Táimid ag dul i dtreo aontú le RTE go bhfeicfear "Nuacht TG4" ar RTE nuair a chuirtear RTE1 ar siúl ag 5:45 p.m. Tugann sé fuinneog don rud atáimid ag iarraidh a dhéanamh. Ag dul siar, bhíodh BBC2 ag cur rudaí ar BBC1 a bhí branded BBC2, just go bhfeicfeadh daoine rudaí nach raibh feicthe acu. Is é an bealach is fearr le hoibriú ar mhaithe leis an Ghaeilge ná an tsuim atá againn in ábhar Gaeilge, agus an t-ardán a thugann RTE dúinn an t-ábhar sin a chur ar fáil, a úsáid anois is arís. Tá sé sin tábhachtach dúinne.

Maidir le méadú ar an lucht féachana as an phlean, bhí an lucht féachana tite ó 3.2% síos go 1.7%. Sa phlean cúig bliana tá sé i gceist againn é sin a mhéadú go 2.2%. Níl sé éasca nuair atá iomaíocht ann méadú mar sin a chur ar fáil. Tá folúntais ar an mbord. B'fhéidir gur mhaith le Mr. Ó Ciardhá labhairt faoi sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.