Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent) | Oireachtas source

An bhféadfainn ceist eile a chur le cead an Chathaoirligh? I dtosach báire, tréaslaím le TG4. Is duine mise a bhaineann an-taitneamh as. Táim an-tógtha leis an éagsúlacht atá le fáil ar TG4. Fan liom leis an gceist seo. Amanta breathnaím ar "Ceol Tíre". Is cuimhin liom laethanta m'óige féin ina bhfeicfí Brendan Shine nó daoine den leithéid sin ar RTE1 nuair nach raibh ach an dá chainéal ann. Feictear rudaí anois ar TG4. Tá éacht déanta maidir le cúrsaí spóirt agus tuigim an pointe a dhéanann na finnéithe faoi dhaoine a mhealladh trí rudaí le radharc leathan ar an daonra agus mar sin de. Feictear dom go bhfuil go leor bealaí inar féidir idirdhealú a dhéanamh idir TG4 agus na cainéil eile.

Is duine mise a bheadh ag tabhairt amach faoi na meáin agus faoin gcaoi ina mbíonn siad amanta claonta ar cheisteanna tromchúiseacha mo linne. Feictear ar chláir nuachta TG4 go bhfuil beagáinín níos mó meas ar an éagsúlacht atá sa tír ó thaobh an dearcadh a bhíonn ag daoine ar cheisteanna áirithe. Ní ghabhfaidh mé níos faide leis sin. An bhfuil sé d'aon ghnó go bhfuil cláir ar nós "Ceol Tíre" ann agus go bhfuil súil ar an taobh sin tíre á dhéanamh ag TG4? An bhfuil na finnéithe in ann aon rud a rá liom faoi sin? An bhfuil TG4 ag lorg daonra ar leith nó sciar ar leith den daonra? Cén sórt staidéir atá déanta ag TG4 le go bhfeicimid an saghas output sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.