Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Alan Esslemont:

Níl an scéal le TG4 chomh difriúil sin ó na cainéil eile. Cuireadh an cheist orainn an gciallaíonn sé sin go gcaithfidh an titim sin leanúint go zero. Is ceist an-tábhachtach í agus ceist go gcaithfimid díriú uirthi. In 2016 d'éirigh linn méadú a bhaint amach den chéad uair ó 2005 mar gheall ar infheistíocht breise de €1 milliún a bhfuair muid ón Rialtas i gcomhair 2016. I mbliana, breathnaíonn sé go mbeidh muid ag méadú arís mar gheall, go pointe, ar roinnt rudaí atá déanta againn leis an sceideal. Tugaim "sweating the assets" air. Ní féidir leanúint leis sin. Ag pointe áirithe tosófar ag dó ola agus tite an engine uilig as a chéile. Sin an fáth go bhfuil muid inár gcás le haghaidh infheistíocht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.