Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom tréaslú le TG4 as ucht 20 bliain a bheith slánaithe agus as an obair atá curtha i gcrích. Tiocfaidh mé ar cheist an airgid ar ball. Is dóigh liom go bhfuil go leor polasaithe ag an Stát a bhfuil tionchar acu ar TG4. Tá sé thar a bheith spéisiúil go luann na finnéithe an 2 milliún nó níos mó a deir sa daonáireamh go bhfuil Gaeilge acu mar go minic, nuair a bhímid ag caint ar mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna, cuirtear ceisteanna faoi cén mhaith é úsáid na Gaeilge tar éis na scoile. Níl ach 200,000 duine nó mar sin ann a labhraíonn í go seachtainiúil. Déantar dearmad go bhfuil an 2 milliún sin, go mórmhór, ag breathnú ar rudaí leithéid í TG4 spórt agus mar sin de. Tugann siad cuid mhaith den tráchtaireacht agus rudaí den chineál sin leo, ach b'fhéidir nach dtabharfaidís leo an nuacht. Mar sin, tá na polasaithe ar fad fite fuaite trína chéile. Murach go raibh an polasaí sin ann ó bunaíodh an Stát, ní bheadh an tobar sin mar a chéile. Bheadh an Gaeilge ina teanga strainséartha uilig do na daoine nach bhfuil ag labhairt na Gaeilge chuile lá.

Ba mhaith liom dhá rud a rá sa gcomhthéacs sin. Bhí an straitéis 20 bliain bunaithe ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúil a mhéadú, ach bhí sé dírithe freisin ar líon na ndaoine a deireann go bhfuil Gaeilge acu a mhéadú trí feabhas mór a chur sa gcóras oideachais. Feictear domsa go bhfuil rath leithéid í TG4 ag brath go mór ar chur i bhfeidhm na straitéise ar an gcaoi sin. Ag dul ar aghaidh le TG4 agus ag glacadh leis an teoiric atá ag na finnéithe, creidim féin go bhfuil sé mar bhuncheart seirbhís cuimsitheach teilifíse a bheith ar fáil i nGaeilge dóibh siúd a labhraíonn an Ghaeilge, go seachtainiúil nó go laethúil, agus go gcaithfear díriú ar an dream sin ó tharla gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil. Is leor é sin mar réasún. Ní cheart gur ceist costais a bheadh an. Agus é sin ráite, tá go leor den dream sin freisin i measc an dream a bhreathnaíonn ar na cláir eile Gaeilge. Ní minic a bhreathnaím ar teilifís, ach má bhím sa mbaile agus má thosaím ag breathnú ar na cainéil, tá go leor de na cláir d'ardchaighdeán. Cinnte go bhfuil an nuacht agus rudaí mar sin d'ardchaighdeán, ach chomh maith leis sin tá cláir eile ar a bhfuil i bhfad níos mó daoine ná sin ag breathnú orthu den chaighdeán céanna. Tá an-spéis agam mar shampla sa bpeil agus i bpeil na mban le blianta fada.

Breathnaím ar na cluichí sin nuair a bhíonn deis agam. Tá TG4 ag freastal ar dhá phobal - pobal an 200,000 móide san áireamh - agus ba cheart breathnú air mar sin. Bheadh daoine ann nach dtuigfidís an cúram - níl mé ag rá TG4 - agus a dearfadh "is cuma faoin 200,000, ba cheart do TG4 díriú ar an mhargadh mór". Dar liom, tá sé de cheart an nuacht, cúrsaí reatha agus mar sin de a fháil trí Ghaeilge.

B'fhéidir go bhféadfadh na finnéithe ceist amháin a fhreagairt. Má thógaimid an lá ó 8 a.m. go 12 meánoíche, nó an gnáthlá teilifíse, mar bhíonn go leor rudaí éagsúla tar éis meánoíche suas go dtí 7 a.m. nó 8 a.m. ar maidin, cé mhéad den am sin a bhfuil dírithe ar an 200,000 faoi láthair agus cé mhéad ar an 4 milliún? Cé mhéad rudaí Béarla a cheannaítear isteach le ham a líonadh atá ann? Tuigim cén fáth go ndéantar é sin. Bhí mé i bhfábhar an polasaí sin. Cé mhéad atá sa tríú aicme? Níl mé ag caint ar "Euronews" and whatever a bhíonn ar bun ó mheánoíche go dtí 6 a.m. Tá mé ag caint ar an ghnátham ina mbíonn daoine ag breathnú ar an teilifís.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.