Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 26 September 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)
5:00 pm
Ms Lís Ní Dhálaigh:
Tá. Tá an ábhar ar fad atá againn ar fáil ar fud na cruinne. Táthar ábalta teacht ar an ábhar seo áit ar bith ar domhan. Maidir le cuid de na cláir atá ag an seinnteoir atá againn, más cláir iad a bhí ceannaithe ag an mhargadh idirnáisiúnta, b'fhéidir go bhfuil srianta áirithe orthu siúd. Tá siad ar fáil sa 32 Chontae, agus tá cuid acu ar fáil áit ar bith ar domhan, ach tá srian faoi leith ar chuid acu más ceannaithe ar an mhargadh idirnáisiúnta atá siad.
No comments