Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna

5:55 pm

Dr. Harold Hislop:

An rud is bunúsaí mar gheall ar an bpolasaí seo ná go mbeidh i bhfad níos mó béime ar chumas labharta an dalta ná mar a bhí. Is í an teachtaireacht is láidre atá á tabhairt ag an bhfoireann a chuireann an fhorbairt ghairmiúil air seo - junior cycle for teachers, JCT - ná an tábhacht a bhaineann le cumas labhartha na ndaltaí sa chóras nua. Tá sé chomh tábhachtach sin go bhfuil marc oscailte iomlán ag dul leis, rud nach raibh ann go dtí seo. Feicfidh gach uile dalta, ar an teastas atá ar fáil acu, conas ar éirigh leis nó léi sa Ghaeilge sa chumas labhartha agus sa chumas scríofa, rud nach bhfuil le fáil aige nó aici faoi láthair.

Glacaim leis go bhfuil impleachtaí ann, agus an impleacht agus an cuspóir atá leis ná chun cinntiú go bhfuil cumas labhartha na daltaí a fheabhsú. Bheidh sé an-tábhachtach an teachtaireacht sin a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus daoine lasmuigh di. Bheadh sé níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh cleachtadh a fháil ar úsáid na teanga i suíomhanna nádúrtha i slí gur féidir le duine comhrá nadúrtha a bheith aige nó aici le bean an tí nó muintir na Gaeltachta. Fiú má scrúdaítear an curaclam atá leagtha síos do scoileanna na Gaeltachta, cuirfear béim ar litríocht áitiúla, arís rud nach raibh sa seanchóras. Bhuail an Roinn le chéile chun obair na gcoláistí Gaeilge a phlé le déanaí, mar tá an fhios ag an gcoiste go n-iarrann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta go ndéanfar cigireacht ar na coláistí Gaeilge le linn gach samhraidh.

Bhí sé an-spéisiúil a bheith ag éisteacht le muintir na Gaeltachta ó Chomhairle Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS. Tá an éileamh ar na cúrsaí ag ardú agus tá an teachtaireacht ag dul thar timpeall gur gá béim a leagan ar fhoghlaim na teanga labhartha. Tá an polasaí seo agus an measúnú seo ag dul leis an bpolasaí sin. Níl sé ag dul i gcoinne an pholasaithe sin.

Is céim difriúil ar fad í an ardteist. Níl aon phlean ag an NCCA nó ag an Roinn aon athrú a dhéanamh ar an gcóras ag leibhéal na hardteistiméireachta. Rinneamar an t-athrú ag leibhéal na sraithe shóisearaigh toisc go bhfuil sé níos áisiúla don leanbh ag an bpointe sin, agus é nó í 15 bliain d'aois, an measúnú seo ar an gcumas labhartha a dhéanamh taobh istigh den sheomra ranga agus i suíomh atá i bhfad níos nádúrtha ná mar a bhí an seanscrúdú ó bhéal.

Tá sé ró-luath tionchar ar bith a fheiceáil ar na coláistí Gaeilge faoi láthair, ach teachtaireacht an-láidir á thabhairt againn do na scoileanna go bhfuil cumas labhartha na ndaltaí níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh. Táimid ag súil go gcuirfeadh sé seo le líon na ndaltaí atá ag freastal ar choláistí Gaeilge le linn an tsamhraidh.

Ó thaobh Roinn na Gaeltachta de agus an straitéis 20 bliain, bhí caint ar an scrúdú cainte agus araile déanta le Roinn na Gaeltachta nuair a bhí an stratéis 20 bliain á scríobh. Aithnítear in abairt ann "nach féidir ... measúnú labhartha sa tsraith shóisearach a dhéanamh ach i gcomhthéacs ... measúnaithe áitiúil a dhéanfadh múinteoirí ranga". Sin an polasaí atá ann agus sin an polasaí atá á chur i bhfeidhm againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.