Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna

5:55 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Dr. Hislop as ucht a chur i láthair. Tá ceist agam ar an chomhairliúchán. Dúirt Dr. Hislop nach raibh deis ag cuid de na múinteoirí a bhí ceangailte leis an ASTI bheith ag an chomhairliúchán. An mbeidh sé féaráilte a rá go mbeidh mórchuid de mhúinteoirí scoileanna T1 - múinteoirí Gaeltachta - ceangailte leis an ASTI agus, mar sin, b'fhéidir nach raibh deis acu bheith lárnach sa phróiseas sin? Nílim féin cinnte. Is í sin an cheist. An bhfuil an bhriseadh síos ag Dr. Hislop? Tuigim féin, ó thaobh Dhún na nGall de, go bhfuil níos mó múinteoirí an cheantair sin faoin ASTI ná faoin TUI. B'fhéidir go bhfuil fadhb ansin nach bhfuilimid ag aithint.

Tuigim caidé atá i gceist anseo. Táthar ag dul de réir saineolais idirnáisiúnta. Rinne Dr. Hislop tagairt don OECD agus an obair taighde atá déanta acu. An é sin obair taighde ar mhionteangacha nó ar teangacha idirnáisiúnta cosúil leis an nGearmáinis agus an Frainicis, mar tá difríochtaí móra ann? Táimid ag caint ar mhiontheanga anseo atá faoi bhrú ollmhór. Ba é sprioc an Rialtais go dtí seo, ó thaobh an Acht na Gaeltachta 2012 agus an straitéise 20 bliain de, ná go mbeadh níos mó daoine ag labhairt na Gaeilge sa Stáit. Tá an sprioc chéanna ann ó Thuaidh agus tá go leor obair déanta uirthi fosta.

Ó thaobh an Stáit de, tá contúirt ann faoi choinne na marcanna a bhaineann le labhairt na Gaeilge sa teastas sóisearach a bhaint as an equation anseo, cineál ísliú stádais a thabairt di agus rudaí eile a thabairt isteach cosúil le scrúduithe ranga eile agus an 40%. Cé go raibh an béaltriail roghnach, bhí rogha ag na daltaí úsáid a bhaint as an 40% sin agus an Ghaeilge a úsáid mar theanga labhartha sa chóras oideachais. Is é an contúirt atá leis seo ná go mbeifear ag baint na Gaeilge mar teanga labhartha amach as an chóras oideachais. Is cúlchéim é sin agus cuirfidh sé isteach ar spriocanna na straitéise 20 bliain don Ghaeilge. Tá go leor míshuaimhneas amuigh ansin i dtaca le chur chun cinn na straitéise. Sin ceist do lá éigin eile, ach ó thaobh sprioc na straitéise - an 250,000 duine a bheith ag labhairt na Gaeilge - agus ó thaobh na hoibre atá ar siúl ag na Gaelscoileanna, mar shampla, agus iad ag fás leo, tá sé i bhfad níos tábhachtaí mionteanga a choinneáil beo de bhrí í a labhairt agus an labhairt a bheith ann mar sprioc.

Tá cúpla ceist agam. An bhfuil an polasaí seo chun chur isteach ar an Ghaeilge labhartha sa Stáit go fádtéarmach? Tá a fhios agam go bhfuil an ardteist ann agus go bhfuil scrúdú cainte fós ansin ach is é an eagla i measc múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí ar labhair mé leo ná má tugann an Roinn é seo isteach sa teastas sóisearach, roimh i bhfad, tabharfar isteach san ardteist é fosta. Sin an eagla atá ann.

Ó thaobh na Gaeltachta de, tá an Ghaeltacht ag brath go mór ar na coláistí Gaeilge, go háirithe faoin am seo den bhliain. Má tá ísliú stádais tugtha don teanga labhartha sa chóras oideachais is cinnte go mbeidh níos lú dalta ag freastal ar na coláistí Gaeilge i gConamara, i nDún na nGall agus sna háiteanna eile. Tá tionchar eacnamaíochta ansin fosta. Tá knock-on effects anseo. An bhfuil aon obair bhaile déanta ag an Roinn i dtaca leis na implications a bhaineann leis an pholasaí seo agus an tionchar a bheidh acu? Cén leibhéal idirbheartaíochta atá déanta idir an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ar an ábhar seo? An bhfuil aon réamhchaint déanta? An bhfuil aon measúnú déanta ar na himpleachtaí a bhaineann leis an pholasaí seo? Go minic nuair a bheirtear isteach polasaí úr, bíonn impleachtaí níos déanaí, mar shampla maidir leis na coláistí Gaeilge, an teanga labhartha agus mar sin de. Tá cúpla ceist ansin. Tuigim caidé atá i gceist ach táim neirbhíseach faoin pholasaí úr seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.