Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna

5:45 pm

Dr. Harold Hislop:

Chun a bheith soiléir mar gheall ar an classroom based assessment, CBA, ní dhéanann an mac léinn measúnú ar a obair féin. Déanann an múinteoir measúnú ar obair an mhic léinn. Tá níos mó béime ar mheasúnú ar chumas labhartha an dalta sa chóras nua ná mar a bhí sa seancheann. Sa seancheann ní bhfuair an dalta ach marc amháin iomlán. Fuair sé A, B, C nó D. Ní raibh aon bhriseadh síos ann. Fuarthas an marc sin. Do dhaltaí a bhí ag freastal ar scoileanna ina raibh an scrúdú béil ar fáil, agus ní raibh sé ar fáil do leath na daltaí fiú, bhí 40% de na marcanna ag dul don scrúdú béil agus 60% don obair scríofa. Cuireadh le chéile iad, áfach, agus ní bhfuair an scoláire ach marc amháin. Sa chóras nua gheobhaidh an dalta trí mharc ar a laghad. Gheobhaidh sé marc ar an chéad CBA. Beidh sé scríofa ar an teastas. Gheobhaidh sé marc ar an dara CBA a bhaineann leis an obair ó bhéal amháin. Arís, beidh sé ar an teastas agus gheobhaidh sé marc ar a obair scríofa. Beidh trí mharc éagsúla á dtabhairt do gach uile dalta ó thaobh na Gaeilge de.

I scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga, feicfear an leibhéal ar an teastas - Gaeilge ag leibhéal an chéad teanga, T1. Beidh na spriocanna agus na cuspóirí i bhfad níos deacra do Ghaeilge T1. Maidir leis an dalta sa Ghaeltacht, in ionad A nó B nó C a fháil agus na marcanna agus an siollabas céanna á stáidéar i mBaile Átha Luain nó i gcroílár Chonamara, gheobhaidh an scoláire i gConamara teastas a deireann gur dalta é a rinne an Ghaeilge ag leibhéal T1 agus go bhfuair sé an grád seo do CBA 1, marc éagsúil do CBA agus marc eile don obair scríofa. Beidh cur síos i bhfad níos leithne ar chumas an dhalta don dalta féin, dá dtuismitheoirí agus do pé duine a bhreathnaíonn ar an teastas atá aige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.