Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 27 June 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna
5:35 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
An é sin rud scríofa dá bharr? An bhfuil an Gaolainn á chur ar chomhchéim anois le gach teanga Eorpach eile? An bhfuil sí á tharraing go dtí an leibhéal céanna atá acu san? Cad ina thaobh nach bhfuil buntáiste nó stádas faoi leith ann i gcomhair na Gaolainne?
Luadh an straitéis do scoileanna Gaeltachta. Bhí an plean nó an straitéis sin á chur le chéile mórthimpeall an am céanna. Cén teagmháil a bhí idir na grúpaí a bhí ag ullmhú na straitéise agus a bhí ag déanamh an athbhreithnithe ar an teastas sóisearach?
An iad na daoine céanna nó an raibh aon teagmháil eatarthu? Feictear dom go bhfuil sé ag teacht salach air, agus go seolann sé an teachtaireacht mícheart ar fad amach, go bhfuil an scrúdú béil á baint as. Fágfaidh mé mar sin go fóill agus beidh mé ar ais le ceist eile.
No comments