Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 13 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile

5:40 pm

Ms Orla Ní Cheallaigh:

Tá pointe deireanach agam maidir leis na measúnaithe rangbhunaithe atáimid ag breathnú orthu in áit scrúdú cainte, níl aon locht ann orthu mar ghné cainte. Ceapaim gur iontach an rud é go mbeadh scoláirí meánscoile in ann seasamh os comhair ranga agus rud a chur i láthair, mar sin a bheas ar bhun acu nuair a théann siad ag an ollscoil ar aon nós. Ceapaim go bhfuil taithí iontach ansin. Molaim an píosa sin ach ní cheapaim gur cheart go dtiocfadh sé sin in áit an scrúdú cainte. D'fhéadfadh sé a bheith mar ghné den scrúdú Nollag nó den scrúdú samhraidh-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.