Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 13 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile

5:40 pm

Ms Máire Clár Nic Mhathúna:

Bhí pointe amháin agam fadúda sin. Ceapaim ar bhealach go bhfuil an scrúdú cainte ag teastas sóisearach rud beag níos dúshlánaí nó ó bhí 2012 ann. Mar a dúirt an Teachta féin, tháinig ardú ar na marcanna go dtí 40% ach anois caithfidh daltaí ceisteanna a chur. Roimhe sin, cuireadh ceisteanna orthu agus thug siad freagraí ach anois tugtar pictiúir dóibh agus caithfidh siad féin ceisteanna a chur ar an scrúdaitheoir, rud nach raibh á dhéanamh roimhe seo. Tá sé cineál amaideach go mbeadh duine ag foghlaim teanga ach má chuirtear ceist ar bith air - cá háit a bhfuil seo, cad é an t-ainm atá ar siúd - cha dtioc leis sin a fháil. Ní raibh sin á dhéanamh ag leibhéal na hardteiste ach, taobh amuigh de sin, bíonn an leagan amach ceannan céanna orthu agus tá sé ina chuidiú mhór don té a rinne scrúdú béil ag teastas sóisearach chun ceann a dhéanamh san ardteist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.